Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 8 Márta 2020

19/2/2020

 
Picture
​Nóta: BEIDH AN tSIÚLÓID SEO AG TOSÚ AG 10:45 r.n., níos luaithe ná mar is gnáth.

​Siúlóid: Gleann Ó Máil, Céidín, Sliabh Riabhach.
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4/4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 12 km, Dreapadh: 550 m

Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam, os comhair an “Fitzwilliam Casino and Card Club” trasna na sráide ó IarOifigí BSL. www.cnocadoiri.com/treoracha.html
nó
Tús na siúlóide:  An carrchlós ag Teach Uí Dhuibhir Mhic Alastair (Dwyer McAllister Cottage), Doire na Muc, Gleann O Máil (tagairt eangaí – S 966 913 nó N52.9638, W6.5627). Tosóimid ag siúl ag 10:45 r.n.
NB – Tosóimid níos luaithe ná mar is gnáth.
Beimid ar ais ag an gcarrchlós idir 3:30 agus 4:00 i.n.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá tú ag teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:  Téigh ar an N81 trí Bhaile Coimín. 17 km tar éis Bhaile Coimín cas ar chlé ar an L4321 ag Grace Timber Ltd. Tar éis 5 km cas ar dheis ag Glen of Imail stores i gCnoc an Aragain. Sroichfidh tú an carrchlós ar an taobh chlé tar éis 2 km.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí, agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly