Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

AR CEAL - Éirí Gréine an Ghrianstaid, Dé Céadaoin, 22 Nollaig 2021

19/12/2021

 
Picture
Beidh drochaimsir ann - mar sin tá an imeacht seo CURTHA AR CEAL.
Toisc brait scamall íseal agus báistí troime níl aon seans go mbeidh éirí na gréine le feiceáil.​

-------------------------------------------------------------------------------------------------------
Ag grianstad an gheimhridh, Dé Céadaoin, 22 Nollaig, éireoidh an ghrian ag 8:40 r.n. i mBaile Átha Cliath.
Ní bheidh aon áit níos fearr sa chathair chun é a fheiceáil ná ag an Teach Solais ag deireadh Bhalla an Bhulla Theas (South Wall) i lár an chuain.
Mar sin, beidh siúlóid ghearr againn an mhaidin chéanna chun tús na bliana réalteolaíche a cheiliúradh agus chun fáilte a fhearadh roimh chéad ghrian na bliana nua.
 
Má bhíonn suim agat teacht amach linn beidh dhá láthair chruinnithe againn:
1 – Páirc Sheáin Uí Mhóra (Seán Moore Park) ag bun Chéide na Mara (Marine Drive) ar Bhóthar na Trá, Dumhach Thrá: – Tagairt eangaí N53.3348, W6.2138. Bí ann agus réidh chun tosú ag siúl ag 7:40 r.n.
Nó:
2 – Carrchlós Phort na Sliogán (Shellybanks car park) ag tús Bhalla an Bhulla Theas: Tagairt eangaí N53.3386, W6.1826. Bí ann agus réidh chun tosú ag siúl ag 8:10 r.n.
 
Seo iad na busanna trí Dhumhach Thrá : C1, C2, 18 agus 47.
 
Do na daoine nach mbeidh aon deifir orthu beidh bricfeasta againn i ndiaidh na siúlóide, m.sh. i nDumhach Thrá, nó ag Deke’s Diner ag an timpeallán idir Bóthar Sheáin Uí Mhóra agus Bóthar Theach na gColúr.
 
Beidh fáilte roimh chách.
 
Nóta: Beidh éirí na gréine á chraoladh beo ón nGráinseach Nua ar https://www.gov.ie/en/news/ce616-winter-solstice-at-newgrange-2021/
 
Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly