Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Cúrsa i mBunscileanna Cnocadóireachta - Feabhra 2016

5/2/2016

 
Tá an cúrsa seo curtha siar seachtain amháin  - Féach na dátaí nua thíos.

Tá an Na Cnocadóirí ag eagrú gearrchúrsa i mbunscileanna cnocadóireachta.
​

Tá na sonraí uilig thíos: Má tá suim agat an cúrsa seo a dhéanamh cuir ríomhphost chuig [email protected] chomh luath agus is féidir leat.
 
CÚRSA I mBUNSCILEANNA CNOCADÓIREACHTA
Fad an chúrsa:     Dhá oíche (2 uair an chloig gach oíche) agus maidin Shathairn amháin ar na sléibhte.
Dátaí molta:
Dé Céadaoin     17 Feabhra, 7:00 pm
Dé Céadaoin     24 Feabhra  7:00 pm
Dé Sathairn       27 Feabhra ar na sléibhte
Is féidir na dátaí sin a athrú – mura n-oireann na dátaí sin duit déan teagmháil linn.
 
Ábhair: 
Beidh an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine ar mhaith leo foghlaim conas:
  • léarscáil a léamh
  • compás a úsáid
  • bealach siúlóide a phleanáil
  • fad siúlóide a mheas
  • agus bunscileanna cnocadóireachta eile.
Deis atá ann scileanna a fhoghlaim agus bheith in ann do bhealach féin a dhéanamh timpeall ar na sléibhte amach anseo.
 
Cleachtadh:
Caithfimid leathlá i sléibhte Átha Cliath Satharn amháin tar éis na ranganna teoirice chun na scileanna a chleachtadh. Is cuid lárnach den chúrsa é seo!
 
Teagascóir:
Seán Ó Fearghail
 
Chun áit a chur in áirithe: 
Má tá suim agat sa chúrsa, cuir scéal chuig [email protected] nó téigh i dteagmháil le Seán Ó Fearghail faoin Aoine, 5 Feabhra.
 
Costas:
Saor in aisce do bhaill an chlub.
€10 do dhaoine nach baill iad.

 
Trealamh a bheidh ag teastáil:
Beidh an trealamh seo leanas ag teastáil uait :
  • Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis 56 (Discovery Map 56: Wicklow, Dublin & Kildare)
  • Compás.  D'fhéadfá compás de dhéantús Silva, uimhir 3 a úsáid. 
Is féidir iad seo a cheannach i siopaí a ndíoltar trealamh cnocadóireachta iontu. Ná déan dearmad - bíonn lacáiste ar fáil sna siopaí sin má bhíonn do chárta ballraíochta MI (Sléibhteoireacht Éireann) leat.

Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly