Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Cúrsa i mBunscileanna Cnocadóireachta

10/3/2022

 
Picture
Má tá suim agat an cúrsa seo a dhéanamh, cuir ríomhphost chuig [email protected] chomh luath agus is féidir leat. Sonraí thíos.
-------------------------
CÚRSA I mBUNSCILEANNA CNOCADÓIREACHTA
 
Fad an chúrsa:
Dhá oíche (~7:00 i.n.) laistigh, ag obair ar léarscáil agus leis an gcompás etc.
Dhá oíche (~7:00 i.n.) i bPáirc an Fhionnuisce chun an t-eolas nua a thaispeáint ar an talamh.
Dhá oíche i gceantar a bheadh ní ba dhúshlánaí ó thaobh chleachtadh na scileanna de, cóngarach don chathair m.sh. Ceann Bhinn Éadair.
 
Mairfidh gach ceann de na seisiúin sin thart ar 2 uair an chloig.
 
Ina dhiaidh sin, beidh seisiúin lae i Sléibhte Chill Mhantáin againn chun na scileanna a chleachtadh agus beidh turas/turais taiscéalaíochta againn chun siúlóid a phleanáil agus ceann a threorú faoi stiúir an teagascóra.
 
Dátaí:
Eagrófar na seisiúin traenála ar dhátaí a oirfidh do na daoine a léiríonn suim sa chúrsa. Ní bheifear ábalta na seisiúin i bPáirc an Fhionnuisce a dhéanamh roimh thús mhí Aibreáin nuair a bheidh sé fós geal go dtí 8:30 nó 9:00 i.n.
 
Ábhair:  
Beidh an cúrsa seo oiriúnach do aon duine ar mhaith leis foghlaim conas:
  • léarscáil a léamh
  • compás a úsáid
  • bealach siúlóide a phleanáil
  • fad siúlóide agus a deacracht a mheas
  • a bhealach féin a dhéanamh sna sléibhte
  • leis an aidhm go mbeidh sé in ann dream daoine a threorú sna sléibhte.
Má bhíonn suim ag na rannpháirtithe, beidh seisiún ar conas CSD - Córas Suite Domhanda (GPS - Global Positioning System) a úsáid.
Deis atá ann scileanna a fhoghlaim agus bheith in ann do bhealach féin a dhéanamh timpeall ar na sléibhte amach anseo.
 
Teagascóir:
Seán
 
Chun áit a chur in áirithe:  
Má tá suim agat sa chúrsa, cuir scéal chuig [email protected] 
 
Costas:
Saor in aisce do bhaill an chlub.
€50 do dhaoine nach baill iad.
 
Trealamh a bheidh ag teastáil:
Beidh an trealamh seo leanas ag teastáil uait :
- Léarscáil Suirbhéireachta Ordanáis 56 (Discovery Map 56: Wicklow, Dublin & Kildare). Ní gá i a bheith lannaithe.
- Compás.  D'fhéadfá compás mar an Silva Field Compass nó an Silva No. 4 a úsáid.  
Is féidir iad seo a cheannach i siopaí a ndíoltar trealamh cnocadóireachta iontu. Ná déan dearmad - bíonn lacáiste ar fáil sna siopaí sin má bhíonn do chárta ballraíochta MI (Sléibhteoireacht Éireann) leat.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly