Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Comhshiúlóid le Micléinn, UCD , An Gleann Mór, Dé Domhnaigh, 12 Eanáir 2017

16/1/2017

 
Picture
​Siúlóid á eagrú ag Oifig na Gaeilge agus ag an gCumann Gaelach in UCD.
Cuireann siad fáilte mór roimh Na Cnocadóirí teacht amach ag siúl leo.
Beidh na micléinn ag imeacht ón stad ceann aistir bus (bus terminus) in Belfield ag 9:45 r.n, chun bheith réidh le siúl ag 11:00 r.n. Tá cúpla spás fós ar fáil ar an mbus, nó is féidir tiomáint díreach go dtí tús na siúlóide.

Seo seans iontach chun daoine óga a spreagadh, agus chun taispeáint dóibh gur teanga bheo í an Ghaeilge.
Siúlóid: An Gleann Mór (The Devil’s Glen), Siúlóid Séamus Heaney
Cur síos: Siúlóid measartha éasca ar chosáin agus ar bhóithre coille (2.5 – 3 huaire ag siúl). Tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna ach ní bheidh aon ghá le buataisí sléibhteoireachta – oirfidh bróga reatha . 
Fad na siúlóide    10 km     Dreapadh   400 m
 
Áit chruinnithe: Stad ceann aistir bus, UCD. Imeoidh an bus ag 9:45 r.n. .. go cruinn
     nó
Tús na siúlóide: An carrchlós sa Ghleann Mór (T 247 986 nó N53.0235, W6.1429), 3.8 km thiar ó Áth na Fuinseoige (Ashford).
Tosóimid ag siúl ag    11:00 r.n.
Críochnóimid ag 2:00 i.n.

Treoraí:      Seán
Nóta Tábhachtach: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn agus MÁ TÁ TÚ AG IARRAIDH TEACHT AR AN mBUS Ó UCD, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta áiteanna/suíocháin a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Tóg bealach amach 15 ar an M11, agus téigh 2km ar an an R772 go hÁth na Fuinseoige. Ag an timpeallán i lár an tsráidbhaile cas ar dheis ar an R764. Tar éis 350m cas ar chlé ar an R763 agus tar éis 3.5 km eile sroichfidh bealach isteach na foraoise. Téigh isteach ansin agus tá an carrchlós ag deireadh an bhóthair (1.5 km).
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
Tar éis na siúlóide: Tá béile eagraithe sa Chester Beatty Inn, Áth na Fuinseoige do na micléinn ar phraghas speisialta  - €18. Ma tá suim agat sa bhéile sin bí i dteagmháil le Seán chomh luath agus is féidir chun an bhialann a chur ar an eolas.
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre
a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn
comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.  Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na  siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin  ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas  a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!  Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
 

Seán Ó Fearghail
21/1/2017 12:06:14 pm

Beidh sé rud fuar ar an tsiúlóid seo (5 - 6 chéim) ach beidh sé geal gan mórán gaoithe. Tá seans maith ann go bhfeicfimid an ghrian fiú. Seo tuar na haimsire: https://www.eventbrite.ie/e/1917-aftermath-of-rebellion-a-public-symposium-tickets-29074475539


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly