Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Turas Siúil sa Spáinn 2025
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Comhshiúlóid le Micléinn ó UCD  - Loch Deán, 10 Meán Fómhair 2017

27/8/2017

 
Picture
​Seo siúlóid atá á eagrú ag Oifig na Gaeilge, ag an gCumann Gaelach in UCD agus ag Na Cnocadóirí.

Siúlóid: Geataí Guinness, Cnoc Bhaile na Fuinseoige, Loch Deán.
Cur síos: Siúlóid measartha éasca ar chosáin agus ar bhóithre coille (2.5 – 3 huaire ag siúl)
Tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna ach ní bheidh aon ghá le buataisí sléibhteoireachta – oirfidh bróga reatha .
​
Fad: 10 km    Dreapadh: 300m
 
Áit chruinnithe:  9:30 r.n. in Belfield
Nóta:   Beidh na micléinn ag imeacht i mbus ón stad ceann aistir bus (bus terminus) in Belfield. Mar sin ní bheidh áit chruinnithe againn ag Ceanncheathrú an BSL. Beidh spás ar an mbus do ~8 Cnocadóirí.    Faraor  - níl aon spás fágtha ar an mbus anois (7/9/2017)
nó
Tús na siúlóide:      Ionad páirceála ag Geataí Guinness, ar an mbóthar ón Tóchar go dtí Bearna Bhealach Sailearnáin (tagairt eangaí - O 172 064 nó N53.0957, W6.2510).
Tosóimid ag siúl ag 10:45 r.n.
 
Treoraí : Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta spás ar an mbus a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Ó Bhaile Átha Cliath - tiomáin ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 i dtreo an Tóchair. 3km roimh an Tóchar (ag cúinne Kennedy’s) cas ar dheis ar an R759, i dtreo Bhearna Bhealach Sailearnáin (tá comhartha bóthair ag an ngabhal). Lean an R759 ar feadh 4 km agus beidh an carrchlós ar thaobh na láimhe deise.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps.

MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly