Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 11 Meitheamh 2026 - Dún Droma

5/6/2026

 
Picture
An Ceantar: - Dún Droma, Reilig Naithí agus Na Glasáin

Teacht le chéile: - 6.30 i.n.
ag Stáisiún Luas Bhaile Amhlaoibh (Balally) atá ar an line ghlas.

Treoraí      Fionn

An tSiúlóid:  Tugann teachíní Phembróc lena mbrící dearga carachtar ar leith do phríomhshráid Dhún Droma agus beidh amharc againn ar an oidhreacht thógtha.
D’fhág daoine mar Naomh Naithí, Dr Isaac Usher agus Na Deirfiúracha Yeats, bunaitheoirí Cuala Press, tionchar dearfa freisin.

Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair an chloig.

Beidh deoch againn sa teach tábhairne The Dropping Well tar éis na siúlóide, gar do Stáisiún Luas Bhaile an Mhuilinn.
   
Beidh fáilte roimh chách

Go siúla tú linn an Samhradh seo


Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 4 Meitheamh 2026 - Leamhcán

31/5/2026

 
Picture
Siúlóid - Déardaoin, 4 Meitheamh 2026
Is in iarthar na cathrach a bheidh ár dtriall an Déardaoin beag seo.

Bealach na Siúlóide - Diméin Leamhcáin agus Páirc Naomh Caitríona.
Teacht le chéile - McDonalds i Leamhcáin ag 6.30 i.n. 
Busanna C3 nó C4 ón gcathair go stad 3887 nó bus 52 go stad 7186

Treoraí - Deaglán Ó Néill

Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a 'chloig.
Beidh deoch againn sa teach tábhairne The Ball Alley i Leamhcán i ndiaidh na siúlóide 

Beidh Fáilte roimh Chách
Go Siúla tú Linn an Samhradh Seo

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 28 Bealtaine 2026 - Lár na Cathrach

14/5/2026

 
Picture
Siúlóid - Seosamh Mac Grianna, a chonair litríochta i dTuaisceart Lár na Cathrach

Teacht le chéile - 6.30 i.n. Déardaoin, 28 Bealtaine 2026
ag stad Luas Parnell, Sráid Pharnell - ag barr Shráid Uí Chonaill,

Treoraí      Fionn

An tSiúlóid:  - Idir 1928 agus 1938, d’fhan Seosamh Mac Grianna ar lóistín i bhfiche teach éagsúil ar fud Bhaile Átha Cliath agus anocht tabharfar cuairt ar ar a sheal i gcúig cinn díbh sin. Tabharfar cuntas gearr ar a raibh ar bun aige agus é ag na seoltaí éagsúla agus léifear sliochtaí gearra dá shaothar. 
Tá an tSiúlóid seo bunaithe ar an t-eolas atá san leabhar "Seosamh Mac Grianna i mBaile Átha Cliath: Léarscáil Litríochta" leis an Ollamh Gearóidín Uí Laighléis.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a'chloig 

Críoch na Siúlóide: Beidh deoch againn i dteach tábhairne Cumiskeys  tar éis na siúlóide. Tá an tigh tábhairne an-ghar do Stáisiún Luas an Chlocháin Leathan (Broadstone) agus do Bhealach an Iarthair (Western Way). Stopann busanna éagsúla mar an E1 agus E2, mar shampla, ar Bhealach an Iarthair.
Bhí Cumiskeys, faoi ainm eile, ag feidhmiú mar thigh tábhairne le linn don Ghriannach bheith lonnaithe sa cheantar.   

Beidh fáilte roimh chách
Go siúla tú linn an Samhradh seo

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 21 Bealtaine 2026 - Binn Éadair

8/5/2026

 
Picture
Siúlóid éasca ar cheann Bhinn Éadair 

Teacht le chéile - 6.30 i.n. Déardaoin, 21 Bealtaine 2026
ag an stáisiún traenach i mBinn Éadair.

​
Bealach na siúlóide - Ón stáisiún traenach leanfaimid an seantramlíne go dtí an barr agus ar ais cois aillte go dtí an sráidbhaile.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a'chloig
Beidh deoch againn i dteach tábhairne áitiúil tar éis na siúlóide

Treoraí      Eileen 

Beidh fáilte roimh chách
Go siúla tú linn an Samhradh seo

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 14 Bealtaine 2026 - Na Clocha Liatha

5/5/2026

 
Picture
Siúlóid ar an gcósta ó Na Clocha Liatha

Teacht le chéile: 6.30pm, Déardaoin, 14 Bealtaine 2026 
ag an  
Stáisiún Dart sna Clocha Liatha


An tsiúlóid: Ar an trá agus ar chosáin ó na Clocha Liatha go Cill Chomhghaill agus filleadh ar bhus L2 go dtí na Clocha Liatha.
Níl gá ar bróga ar leith
Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a'chloig. 
Tagann an bus L2 gach leathuair, mar sin tá seans go mbeidh orainn feitheamh tamall.

Beidh deoch againn i dtábhairne sna Clocha Liatha tar éis na siúlóide

Treoraí - Aonghus

Beidh fáilte roimh chách
Go siúla tú linn an Samhradh seo

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 7 Bealtaine 2026 - Deilginis

2/5/2026

 
Picture
Siúlóid éasca i nDeilginis agus an ceantar máguaird

Teacht le chéile: 6.30pm, Déardaoin, 7 Bealtaine 2026 
ag 
Stáisiún Traenach Dheilginse


An tsiúlóid: Cairéal Chill Iníon Léinín, Bóthar Vico, Páirc Chnoc Chill Iníon Léinín, Páirc Dillon, Cuan na Coille Móire agus ar ais go Deilginis.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a'chloig.

Beidh deoch againn i dtábhairne áitiúil tar éis na siúlóide

Treoraí - Daithí

Beidh fáilte roimh chách

Go siúla tú linn an Samhradh seo

<<Previous
Forward>>
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly