Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraíocht
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 4 Lúnasa 2016

2/8/2016

 
Picture
Am: 6.45 i.n.

Teacht le chéile ag an Óstán Marine, Cill Fhionntain.
Is féidir bus 31, 31A, 31B nó 32 a thógáil ann nó an DART go stáisiún Chill Fhionntain.
Bíonn trácht trom ag an am seo.

Siúlóid: Chomh maith le radhairc áille, beidh neantóga (moltar brístí fada) ar an mbealach thar talamh garbh agus ar chéimeanna. Beimid ag "sodar go réidh" thuas seal, thíos seal, cois aille agus beidh seans snámha freisin.

Críoch: Siúlaimid go barr Bhinn Éadair thar Teach Solais Dhún Criofainn. Tógfar deoch i dtigh ósta an "Summit" ina dhiaidh

Is féidir filleadh ar bus 31, 31A nó 31B nó an ar an DART ó stáisiún Bhinn Éadair.

Treoraí: Pádraig de Burca 

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 28 Iúil 2016

25/7/2016

 
Picture
Seo ár dtriall ar an Déardaoin an 28 Iúil.
        Slí na hAille …….. Clocha Liatha go Bré
Teacht le cheile - Staisiún Dart na gCloch Liath ag 6.30.
(Dart ag fagáil Conghaile ag 16.56, 17.25, 17.36 is  17.55)
Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a chloig.
Beidh deoch againn i dtigh tábhairne i mBré tar éis na siúlóide!
Treoraí .. Bláithín


 Clocha Liatha go Bré
Nach deas é!
 Siúl linn …
Leath tar éis a sé
Go dtí a naoi.
Is ansin cupán tae,
Caint is comhrá,
Comhluadar breá,
I dteannta
Cnocadóra.

Siúlóid Tráthnóna, Déardaoin, 21 Iúil 2016

18/7/2016

 
PictureCath Chluain Tarbh
Páirc Naomh Áine i gCluain Tarbh agus Oileán an Bhulla

Am:           6:45 i.n.
Teacht le chéile: An Droichead Adhmaid i gCluain Tarbh.
Seo an áit ar GoogleMaps agus an bealach amach ó lár na cathrach.
Tá an stáisíún Dart 3km ón droichead.
Téann bus 130 ann - seo nasc do shuíomh Bhus Átha Cliath.
 
Mairfidh an tsiúlóid 2 uair a chloig.
​
 Críoch: Tógfaimid deoch i dteach tábhairne i gCluain Tarbh tar éis na siúlóide.
 
Treoraí: Déaglán - Cuir scéala chuige má bhíonn aon eolas uait faoin tsiúlóid. 
 
Ná déan dearmad do chóta báistí a thabhairt leat.

Siúlóid Éasca, Déardaoin, 14 Iúil 2016

11/7/2016

 
Picture
Siúlóid i Maigh Nuad agus in Eastát Chartún

​Am
: 7:00 i.n.
Teacht le chéile: Stáisiún traenach Mhaigh Nuad.


Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:44, 18:10 agus 18:18 a shroicheann Maigh Nuad ag 18:24, 18:48 agus 19:00 faoi seach agus a stopann ag gach stáisiún ar an mbealach.
​

Siúlóid
: Tosóimid ag siúl ar bhruach na Canála Ríoga, agus ansin isteach in Eastát Chartún, agus ar ais trí bhaile Mhaigh Nuad. Mairfidh an tsiúlóid 2 uair a chloig.
Críoch: Tógfaimid deoch i dteach tábhairne i Maigh Nuad.

Is féidir filleadh ar an gcathair ar an traein ó Mhaigh Nuad.

Treoraí
: Seán Ó Fearghail


Tá eolas faoina traenacha anseo:
​http://www.irishrail.ie/media/14_m3_parkway_maynooth_longford.pdf

Siúlóid Éasca, Deardaoin, 30 Meitheamh 2016

27/6/2016

 
Picture
​Beimid ag siúl in iarthair na cathrach:
Séipéal Iosóid – Bruach na Life – Gairdíní Náisúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann – Páirc an Fhionn Uisce – Séipéal Iosóid

Teacht le chéile     
6:15in An Droichead, Séipéal Iosóid

6:30in Tosú ag siúl

Beidh deoch againn sa teach tábhairne The Villager i Séipéal Iosóid tar éis na siúlóide.

Téann na busanna seo trí Shéipéal Iosóid  - 25, 26, 66, 66a, 66b agus 67


Is é Christy an treoraí 

Siúlóid Éasca, Deardaoin, 23 Meitheamh 2016

21/6/2016

 
Picture
Siúlóid ó Chill Iníon Léinín go Deilginis
 
Am: 6:30 i.n.
Teacht le chéile: Stáisiún traenach Chill Iníon Léinín.
Fágann Dart Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:25, 17:40 agus 17:55 a shroicheann Cill Iníon Léinín  ag 18:00, 18:15, agus 18:30 faoi seach.
 
An tSiúlóid: Siúlfaimid ar chósta Chill Iníon Léinín agus ar an gcnoc. Beimid ag siúl ar an trá agus ar chosáin agus tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna. Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair a chloig.
 
Críoch: Beidh deoch againn i dteach tábhairne Finnegan i nDeilginis.
 
Treoraí: Fionn Ó Gráda – 086 307 7948.  Ná bíodh leisce oraibh glao a chur air má bhíonn eolas ar bith eile ag teastáil faoin tsiúlóid!

Siúlóid Éasca, Deardaoin, 16 Meitheamh 2016

13/6/2016

 
Picture
Siúlóid ar an gcósta ó Dhomhnach Bat go Mullach Íde

Teacht le chéile:
Stáisiún traenach Dhomhnach Bat ag 6:45 i.n.
Fágann traenacha Stáisiún Uí Chonghaile ag 17:35, 18:02, 18:23 agus 18:40 a shroicheann Domhnach Bat ag 17:59, 18:31, 18:47  agus 18:56 faoi seach. Ní stopann gach traein ag gach stáisiún ar an mbealach.


An tSiúlóid
: Tosóimid ag siúl i nDiméin an Droichid Nua, agus ansin timpeall Inbhear an Mhóinéir Leathain go Mullach Íde. Beimid ag siúl ar an trá agus ar chosáin  agus tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair a chloig.


Críoch: Beidh deoch againn i dteach tábhairne i Mullach Íde.
Is féidir filleadh ar an gcathair ar an traein ó Mhullach Í
de, nó traein a thógáil ar ais go Domhnach Bat ag 21:10, 21:55 nó 22:55.
Má tá sé ar intinn agat teacht linn, tóg greim beag bia leat le hithe ar an trá - nó le tabhairt do na healaí ag Inbhear an Mhóinéir Leathain!
Treoraí: Seán  Ná bíodh leisce oraibh glao a chur air má bhíonn eolas ar bith eile ag teastáil faoin tsiúlóid!

Siúlóid Éasca, Deardaoin, 9 Meitheamh 2016

9/6/2016

 
Picture
Páirc San Caitríona i Leamhchán 
​

Teacht le cheile:   6.45 i.n.  sa charrchlós trasna an bhóthair ó Maxol / MacDonalds i Leamhchán
(An Seanbhóthar idir Leamhchán agus Léim an Bhradáin)


​Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair an chloig.

Treoraí:     Déaglán

Beidh deoch againn, tar éis na siúlóide, i dtigh tárbhairne i Leamhcháin.

Siúlóid Éasca, Déardaoin, 2 Meitheamh 2016

2/6/2016

 
Picture
i.n.Tosóimid ag siúl ar bhruach na Canálach Ríoga.
Fillfimid ar bhruach Abhainn na Tulchann.

Mairfidh an tsiúlóid 2 / 2.5 uair. 
Beidh deoch againn i dTigh Tábhairne na Gravediggers  (John Kavanagh's) i nGlas Naíon i ndiaidh na siúlóide.


Teacht le chéile .. Dealbh Bhreandáin Uí Bheacháin. (Áit a mbuaileann Bóthar Whitworth agus Bóthar Dhroim Conrach le chéile) ag 6.30 i.n.

Treoraí  
Eileen  

Siúlóid Éasca, Déardaoin, 26 Bealtaine 2016

24/5/2016

 
Mullach Íde go Port Mearnóg
Trá Phort Mearnóg is ar ais go Mullach Íde
​


Read More
<<Previous
Forward>>

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.


    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. 

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag gcoiste deonach. 
Ar ais go barr an leathnaigh
 Abhaile
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly
✕