Páirc Naomh Áine i Ráth Eanaigh agus Oileán an Bhulla
Teacht le chéile: 6:30 pm ag an Droichead Adhmaid i gCluain Tarbh (N53.3608, W6.1824)
An tSiúlóid: Ascaill Chnocán an Radhairc (Mount Prospect Avenue), Páirc Naomh Áine, An Tóchar, Oileán an Bhulla, Trá Chnocán Doirinne, An Droichead Adhmaid.
Mairfidh an tsiúlóid 2 – 2.5 huaire an chloig.
Taisteal: DART - Tá stáisiún Bhóthar Chluain Tarbh 3 km ón droichead.
Bus 130 ó Shráid Thalbóid go stad 1752
Treoraí: Seán
Beidh Fáilte roimh chách.
Tabhair deoch agus rud beag le n-ithe leat agus beidh picnic bheag againn ar an mbealach!
Ta seans go mbeidh deoch againn i gCluain Tarbh tar éis na siúlóide.
Nóta: Ní mór dúinn cloí leis na treoirlínte chun fanacht sábháilte.