Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Féilire
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2020
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Ballraíocht


Beidh fáilte romhat teacht amach ar cúpla siúlóid linn, ach má bhíonn suim agat leanúint le himeachtaí an Chlub ní mór ballraíocht a bheith agat.
Tá trí bhealach chun do bhallraíocht a athnuachan nó chun ballraíocht nua a ghlacadh
​
1. An Fhoirm Chláraithe ar líne (thíos) a líonadh.
Brúigh an cnaipe ag an mbun chun an fhoirm a chur chugainn. Cuirfear na sonraí bainc chugat ansin agus beidh tú in ann an síntiús a íoc díreach isteach sa chuntas.
Má íocann tú an síntiús isteach sa chuntas ná déan dearmad d'ainmse a chur leis an íocaíocht.

2. An Fhoirm Chláraithe a íoslódáil.
Tabhair an fhoirm agus an síntiús do dhuine den Choiste (nuair a bheidh tú amuigh ar shiúlóid nó ag imeacht eile, nó ag an gCruinniú Cinn Bhliana).

3. Seic nó Ordú Poist/Bainc
Cuir ríomhphost chuig cnocadoiri@yahoo.com chun seoladh an chisteora a fháil chun seic a chur chugainn. Bíodh seiceanna nó orduithe iníoctha le Na Cnocadóirí.

Foirm Chláraithe ar líne


    ​Neasghaol:  Sonrai teagmhála duine gaolta leat, le húsáid i gcás éigeandála.
    ​
    A. Síntiús iomlán: €50:  más iad Na Cnocadóirí an t-aon chlub ina bhfuil tú i do bhall.
    B. Sintiús laghdaithe: €40:  más iad Na Cnocadóirí an t-aon chlub ina bhfuil tú i do bhall, agus mura bhfuil tú fostaithe faoi láthair (m.sh. dífhostaithe, ar scor, mac léinn, cúramóir).
    C. Comhbhallraíocht: €25: Má tá tú i do bhall de chlub eile nó i do bhall aonair de Shléibhteoireacht Éireann (MI).
    D. Comhbhallraíocht laghdaithe: €15  Má tá tú i do bhall de chlub eile nó i do bhall aonair de Shléibhteoireacht Éireann (MI) agus mura bhfuil tú fostaithe faoi láthair (m.sh. dífhostaithe, ar scor, mic léinn, cúramóir).  ​​
    ​I gcás A agus B cuirtear an chuid is mó den airgead chuig Sléibhteoireacht Éireann le costais bhallraíochta agus árachais a íoc. Úsáidtear an t-airgead eile chun costais an tsuímh ghréasáin a ghlanadh, imeachtaí a eagrú, poiblíocht a dhéanamh agus chun an club a chothú trí chúrsaí a chuirfidh le scileanna na mball a reáchtáil.​
      
    Dearbhú Pearsanta

    Is spórt dainséarach í an chnocadóireacht agus orm féin atá an fhreagracht agus mé á déanamh.
    Caithfear an trealamh agus an feisteas cuí a bheith agam.
    Beidh mé freagrach as mo chuid gníomhartha agus iompair féin.
    Caithfidh mé cloí le rialacha agus treoracha a leagann an coiste nó an treoraí amach. .
    Tá mé aclaí go leor le tabhairt faoin gcnocadóireacht agus níl aon fhadhb sláinte agam a d’fhéadfadh cur isteach orm agus mé ag siúl. (Ní mór aon ábhar buartha ó thaobh sláinte de a chur in iúl don treoraí ag tús gach siúlóide.)​
Brúigh chun do shonraí a chur chugainn

Íoslódáil foirm chláraithe

foirm_chláraithe_2020-21.doc
File Size: 139 kb
File Type: doc
Download File

foirm_chláraithe_2020-21.pdf
File Size: 174 kb
File Type: pdf
Download File

Giota as Bunreacht an Chlub

4.1 Beidh cead ag daoine a bheidh toilteanach Gaeilge a labhairt, dá ngairtear “an Comhaltas” anseo ina dhiaidh seo, bheith ina gcomhaltaí den Chlub.
4.2 I dteannta a bhfuil i 3.1 thuas, daoine aonair a admhóidh gur gníomhaíochtaí iad an dreapadóireacht agus an tsléibhteoireacht a bhfuil contúirt a ngortaithe nó a mbáis féin ag baint leo, beidh cead ag na daoine aonair sin bheith ina gcomhaltaí den Chlub. Tabharfaidh comhaltaí na contúirtí sin dá n-aire agus glacfaidh siad leo. Toileoidh comhaltaí le bheith freagrach as a gcuid gníomhartha féin agus as a n-iompar féin.  

​
Is féidir leat tuilleadh eolais faoi chuspóirí agus rialacha an chlub a léamh sa Bhunreacht.

Buntáistí Bhallraíocht MI

Tá go leor buntáistí ag baint le ballraíocht san MI (Sléibhteoireacht Éireann), m.sh:
  • Árachas: Is spórt dainséarach í an chnocadóireacht, agus ní mór d'aon duine a théann amach ag siúl árachas a bheith aige/aici. Íocfaidh Na Cnocadóirí táille árachais le MI ar do shon.
  • Lacáistí: Gheobhaidh tú cárta ballraíochta ón MI má íocann tú síntiús iomlán leis Na Cnocadóirí. Leis an gcárta, is féidir leat lacáiste a fháil óna lán siopaí a dhíolann feisteas agus trealamh sléibhteoireachta.
  • Irisleabhar: Gheobhaidh tú cóip den iris The Irish Mountain Log in aisce sa phost ceithre huaire sa bhliain.
  • Deis freastal ar chainteanna, léachtaí agus ócáidí eile de chuid an MI.
Tá eolas breise faoi Shléibhteoireacht Éireann ar fáil ar www.mountaineering.ie 

RIALACHÁN GINEARÁLTA MAIDIR LE COSAINT SONRAÍ
Clárófar gach ball an Chlub mar bhall de Sléibhteoireacht Éireann. Is le Sléibhteoireacht Éireann amháin a roinnfear na sonraí ar an bhfoirm chláraithe. Ní roinnfear an t-eolas le haon duine, le haon chomhlacht ná le haon eagras eile.
Scriosfar na sonraí bliain amháin tar éis chríoch na ballraíochta.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly