Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 6 Meán Fómhair 2026 - An Corrán  (Crone)

30/8/2026

0 Comments

 
Picture
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30r.n.
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Crón, Tóin Dubh, Málainn
Fad: 12 km,
Dreapadh: 490 m

Tús na siúlóide: Carrchlós an Chorráin - Crone Car Park
Tagairt eangaí - O 193 142 nó  N53.1653, W 6.2169.
Bí ann ag 10:15 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n
 
Treoraí : Deaglán
Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil, nó chun síob a thabhairt, téigh i dteagmháil linn ag Cnocadóirí@Yahoo.com
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: 
Ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an R117 go hÁth na Sceire agus ansin ar an R670 ar feadh 3.3km. Cas ar dheis ar an L1013 go dtí Eas Chúirt an Phaoraigh (Powerscourt Waterfall). Ná téigh isteach an geata ag an eas ach lean ar aghaidh ar an mbóthar seo L1013. Tá an carrchlós 2 km tar éis an easa, ar an taobh clé.
Nó lean an NASC seo go dtí tús na siúlóide


TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html
 
Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

0 Comments

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 27 Lúnasa 2026 - Cill Fhionntain

25/8/2026

0 Comments

 
Picture
Le clabhsúr a chur le siúlóidí an tSamhraidh beidh siúlóid ghearr againn agus béile I ndiaidh na siúlóide.
Cill Fhionntain agus Binn Éadair 

Dáta: Déardaoin, 27 Lúnasa 2026

Teacht le chéile: 6:30 pm, ag Stáisiún Traenach Chill Fhionntain (Sutton).

An tSiúlóid: Ó Chill Fhionntain ar Thrá an Choinicéir (Burrow Strand) go Binn Éadair
Mairfidh an tsiúlóid timpeall uair an chloig.

Treoraí: Bláithín 

Tar éis na siúlóide beidh béile againn sa bhialann “Wrights - Findlater”, atá trasna an bhóthar ó Stáisiún Traenach Bhinn Éadair.
Tá an bhialann curtha in áirithe do 8.00pm.

Tá fáilte rompu siúd nach mbeadh ag siúl ach sinn a chur ar an eolas…[email protected] nó ar WhatsApp an chlub.
​
Beidh Fáilte roimh chách.

0 Comments

Siúlóid Sléibhe Éasca - Dé Céadaoin, 26 Lúnasa 2026 - Caisleán na Sióg

23/8/2026

0 Comments

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n.
Siúlóid Sléibhe Éasca: Páirc Chnoc na Raithní, Binn Trí Charraig, Caisleán na Sióg, Binn Dá Charraig, Cosán
Fad na siúlóide: 12.0 km, Dreapadh: 400 m

​
Picture
Tús na siúlóide: An carrchlós i bPáirc Chnoc na Raithní (Fernhill Park), An Chéim
Tagairt Eangaí: O 183 247 nó N53.2597 W6.2280
Eircode: Tá Rosemount School  (D18 A8N2) ag bealach isteach na páirce
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Íde 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected]

Treoracha go dtí tús na siúlóide: 
Gabh an R117 trí Bhaile an Mhuilinn, Dhún Droma, Bhaile Amhlaoibh (Balally) agus ar aghaidh. Sroichfidh tú bealach isteach na Páirce ar an taobh deas 500m tar éis Backglen Road agus 1.2 km roimh An Chéim. Tá an bealach isteach céanna in úsáid ag Rosemont School.
Nó lean an  nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide

Trealamh agus feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

0 Comments

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 23 Lúnasa 2026 - An Leacain

17/8/2026

0 Comments

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Lúb ón Leacain go Cnoc an tSamhaidh, go dtí an Cnoc Dubh agus ar ais go Zellers sa Leacain.
Fad: 12 km,
Dreapadh: 570 m
4 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall  - Eircode D02 XP89
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. 
nó
Tús na siúlóide:  Láthair Páirceála ag Zeller's, Lacken Inn, An Leacain.
(https://maps.app.goo.gl/uz5pf9NBb5MkaVtu7) 
Tagairt eangaí - O 011 109 nó  N53.1393, W6.4900.
Eircode : W91 DK00
Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n

 
Treoraí : Pádraig 
Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil, nó chun síob a thabhairt, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Lean an N81 amach as an gcathair trí cheantar Thamhlachta, ar aghaidh i dtreo Bhaile Coimín. Cas ar chlé ar an L8371 (Red Lane) tamall gearr roimh Bhaile Coimín agus lean é seo ar feadh 1km. Cas ar dheis agus lean Bóthar Chill Bhríde ar feadh 1.3km. Cas ar chlé trasna Droichead Bhaile Coimín. Ansin cas ar dheis agus lean Bóthar an Locha ar feadh 5km. Tá an láthair páirceála thíos fána ar dheis chuig Zellers agus tá  bunscoil ann freisin. 
Nó lean an NASC seo go tús na siúlóide ar GoogleMaps

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html

0 Comments

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 20 Lúnasa 2026 - Páirc San Anna

14/8/2026

0 Comments

 
Picture
Páirc San Anna - Ráth Eanaigh

Teacht le chéile: 6:30 pm, ag geata isteach na Páirce ar Bhóthar Chnoc Sibéal, Ráth Eanaigh. 
Tagairt Eangaí: N53.3723, W6.1940
An Eircode is cóngaraí (Coláiste Naomh Póil) - D05 C673 

Busanna H1, H2 agus H3 ón chathair chuig stad uimhir 532 (Na Cluainte/ The Meadows). Siúlóid 5 nóiméad go dtí an geata.
Is féidir Bus 130 a fháil trasna an bhóthair ón stáisiún traenach i gCluain Tarbh chuig Ascaill Vernon. Siúlóid 15 nóiméad chuig an geata isteach

An tSiúlóid: Páirc Naomh Anna, an Chrannlann, Gairdín na Rósanna, an cosán go dtí Bóthar an Tóchair, an trá chomh fada leis an droichead adhmaid.
Mairfidh an tsiúlóid 2  - 2.5 uair an chloig.

Treoraí: Íde

Beidh deoch againn sa teach tábhairne Uí Chonghaile (The Sheds) i ndiaidh na siúlóide.

Beidh Fáilte roimh chách.

Go siúla tú linn an samhradh seo.

0 Comments

Siúlóid Éasca  - Dé Domhnaigh, 16 Lúnasa 2026 - An Láithreach

10/8/2026

0 Comments

 
Picture
Gleann Dá Loch

Tosófar an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n.

Siúlóid Éasca: An Láithreach, Mainistir an tSlánaitheora, Cró Chaoimhín, timpeall Loch na Péiste (Lower Lake) agus ar ais go dtí An Laithreach
Fad na siúlóide - 8 km
~2.5  uair an chloig ag siúl.
Ní siúlóid sléibhe í an ceann seo. Beidh an tsiúlóid ar chosáin agus ar bhóithre coille, ach tá seans go mbeidh sé fliuch nó lábach in áiteanna.

Treoraí: Eibhlín

Tús na siúlóide:  An carrchlós sa Láithreach in aice Woolen Mills.
Tagairt eangaí O 142 961, nó N53.0024, W6.3000
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar an R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar an R755. Tar éis 23km cas ar chlé ar R755 sa Láithreach. I ndiaidh 700m, gabh ar dheis chuig an gcarrchlós.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

0 Comments
<<Previous
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly