Ballraíocht
|
Beidh fáilte roimh neamhbhaill teacht amach ar dhá shiúlóid linn, ach má bhíonn suim agat leanúint le himeachtaí an Chlub ní mór ballraíocht a bheith agat.
Níl sé ceadaithe madraí a thabhairt ar na sléibhte i gcás ar bith ná ar shiúlóidí sléibhe. Tá madraí ceadaithe ar shiúlóidí cathrach (m.sh. siúlóidí samhraidh) ach iad ar iall i gcónaí. Tá cead ag daoine faoi 18 mbliana d'aois siúl linn, ach in éineacht le tuismitheoir nó le caomhnóir amháin, agus an tuismitheoir, caomhnóir ina b(h)all freisin. Tá dhá bhealach chun do bhallraíocht a athnuachan nó chun ballraíocht nua a ghlacadh 1. An Fhoirm Chláraithe ar líne (thíos) a líonadh. Brúigh an cnaipe ag an mbun chun an fhoirm a chur chugainn. Cuirfear na sonraí bainc chugat ansin agus beidh tú in ann an síntiús a íoc díreach isteach sa chuntas. Má íocann tú an síntiús isteach sa chuntas ná déan dearmad d'ainmse a chur leis an íocaíocht. Uaireanta, ní fheidhmíonn an Fhoirm Chláraithe ar líne i gceart ar ghuthán. Ma bhíonn deacracht agat, bain triail as ar ríomhaire. 2. An Fhoirm Chláraithe a íoslódáil ón suíomh. Tabhair an fhoirm agus an síntiús do dhuine den Choiste (ar shiúlóid nó ag imeacht eile, nó ag an gCruinniú Cinn Bhliana). Rachaidh do bhallraíocht in éag an 31 Deireadh Fómhair 2027 Foirm Chláraithe ar líne |
Íoslódáil foirm chláraithe
RIALACHÁN GINEARÁLTA MAIDIR LE COSAINT SONRAÍClárófar gach ball an Chlub mar bhall de Sléibhteoireacht Éireann. Is le Sléibhteoireacht Éireann amháin a roinnfear na sonraí ar an bhfoirm chláraithe. Ní roinnfear an t-eolas le haon duine, le haon chomhlacht ná le haon eagras eile.
Scriosfar na sonraí bliain amháin tar éis chríoch na ballraíochta. Ó am go chéile úsáidtear grianghraif ó ghníomhaíochtaí an Chlub ar shuíomh gréasáin an Chlub nó chun poiblíocht a thabhairt don Chlub. Buntáistí Bhallraíocht MI/SÉTá go leor buntáistí ag baint le ballraíocht san MI / SÉ (Sléibhteoireacht Éireann), m.sh:
| ||||||||||||