Siúlóid Sléibhe Mheánach: An Caisleán Nua, Sliabh Dónairt, Contae an Dúin
Fad: 12 km, Dreapadh: 850 m,
5-5.5 huaire an chloig ag siúl
Fad: 12 km, Dreapadh: 850 m,
5-5.5 huaire an chloig ag siúl
Tús na siúlóide: Carrchlós Dónairt, An Caisleán Nua, (Donard Car Park, Newcastle, County Down).
Tagairt Eangaí: J 374 306 nó N54.2062 W5.8944
NB – Bí ann an 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n
Treoraí: Máire
Nóta: Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil téigh i dteagmháil linn ag an seoladh seo.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó chathair Bhaile Átha Cliath:
- Lean an M1 agus gabh an A1 i dtreo Iúr Chinn Trá (nó an Iúir)
- Gabh an chéad bhealach amach (gabhal A25 Newry - Downpatrick) ag an timpeallán
- Lean Bóthar Bhéal Feirste ar feadh 1.1km, ansin cas ar dheis ar Bhóthar Turmore (A25).
- Tar éis 2.6km, cas ar chlé ag an T-acomhal agus lean an A25 ar feadh 20km go dtí Coill Chua (Kilcoo).
- I lár an bhaile, gabh ar bhóthar Tullyree (gabh beagán ar dheis) ar feadh 3.7km.
- Cas ar chlé ar Bhóthar Áth Bhriain (Bryansford Road) nó B180 agus lean é ar feadh 3.2km.
- I lár sráidbhaile Áth Bhriain (Bryansford), gabh ar dheis ar feadh 2.6km eile go dtí an timpeallán (tá tú fós ar Bhóthar Áth Bhriain).
- Gabh an dara bealach amach. I ndiaidh 1km, cas ar chlé ar bhóthar Shimna/A2 agus tar éis 50m gabh ar dheis ar bhóthar Causeway. I ndiaidh 180m eile cas ar dheis ar Central Promenade/A2 agus fan sa lána ar dheis. Tar éis 190m gabh beagán ar dheis i dtreo Bhóthar Áth Bhriain /A2 agus ansin cas ar chlé. Tá an carrchlós díreach os do chomhair.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.
Tá an carrchlós saor in aisce ach bíonn sé gnóthach.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas
Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.