Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe Éasca - Dé Céadaoin, 26 Lúnasa 2026 - Caisleán na Sióg

23/8/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n.
Siúlóid Sléibhe Éasca: Páirc Chnoc na Raithní, Binn Trí Charraig, Caisleán na Sióg, Binn Dá Charraig, Cosán
Fad na siúlóide: 12.0 km, Dreapadh: 400 m

​
Picture
Tús na siúlóide: An carrchlós i bPáirc Chnoc na Raithní (Fernhill Park), An Chéim
Tagairt Eangaí: O 183 247 nó N53.2597 W6.2280
Eircode: Tá Rosemount School  (D18 A8N2) ag bealach isteach na páirce
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Íde 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected]

Treoracha go dtí tús na siúlóide: 
Gabh an R117 trí Bhaile an Mhuilinn, Dhún Droma, Bhaile Amhlaoibh (Balally) agus ar aghaidh. Sroichfidh tú bealach isteach na Páirce ar an taobh deas 500m tar éis Backglen Road agus 1.2 km roimh An Chéim. Tá an bealach isteach céanna in úsáid ag Rosemont School.
Nó lean an  nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide

Trealamh agus feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 23 Lúnasa 2026 - An Leacain

17/8/2026

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Lúb ón Leacain go Cnoc an tSamhaidh, go dtí an Cnoc Dubh agus ar ais go Zellers sa Leacain.
Fad: 12 km,
Dreapadh: 570 m
4 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall  - Eircode D02 XP89
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. 
nó
Tús na siúlóide:  Láthair Páirceála ag Zeller's, Lacken Inn, An Leacain.
(https://maps.app.goo.gl/uz5pf9NBb5MkaVtu7) 
Tagairt eangaí - O 011 109 nó  N53.1393, W6.4900.
Eircode : W91 DK00
Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n

 
Treoraí : Pádraig 
Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil, nó chun síob a thabhairt, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Lean an N81 amach as an gcathair trí cheantar Thamhlachta, ar aghaidh i dtreo Bhaile Coimín. Cas ar chlé ar an L8371 (Red Lane) tamall gearr roimh Bhaile Coimín agus lean é seo ar feadh 1km. Cas ar dheis agus lean Bóthar Chill Bhríde ar feadh 1.3km. Cas ar chlé trasna Droichead Bhaile Coimín. Ansin cas ar dheis agus lean Bóthar an Locha ar feadh 5km. Tá an láthair páirceála thíos fána ar dheis chuig Zellers agus tá  bunscoil ann freisin. 
Nó lean an NASC seo go tús na siúlóide ar GoogleMaps

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 20 Lúnasa 2026 - Páirc San Anna

14/8/2026

 
Picture
Páirc San Anna - Ráth Eanaigh

Teacht le chéile: 6:30 pm, ag geata isteach na Páirce ar Bhóthar Chnoc Sibéal, Ráth Eanaigh. 
Tagairt Eangaí: N53.3723, W6.1940
An Eircode is cóngaraí (Coláiste Naomh Póil) - D05 C673 

Busanna H1, H2 agus H3 ón chathair chuig stad uimhir 532 (Na Cluainte/ The Meadows). Siúlóid 5 nóiméad go dtí an geata.
Is féidir Bus 130 a fháil trasna an bhóthair ón stáisiún traenach i gCluain Tarbh chuig Ascaill Vernon. Siúlóid 15 nóiméad chuig an geata isteach

An tSiúlóid: Páirc Naomh Anna, an Chrannlann, Gairdín na Rósanna, an cosán go dtí Bóthar an Tóchair, an trá chomh fada leis an droichead adhmaid.
Mairfidh an tsiúlóid 2  - 2.5 uair an chloig.

Treoraí: Íde

Beidh deoch againn sa teach tábhairne Uí Chonghaile (The Sheds) i ndiaidh na siúlóide.

Beidh Fáilte roimh chách.

Go siúla tú linn an samhradh seo.

Siúlóid Éasca  - Dé Domhnaigh, 16 Lúnasa 2026 - An Láithreach

10/8/2026

 
Picture
Gleann Dá Loch

Tosófar an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n.

Siúlóid Éasca: An Láithreach, Mainistir an tSlánaitheora, Cró Chaoimhín, timpeall Loch na Péiste (Lower Lake) agus ar ais go dtí An Laithreach
Fad na siúlóide - 8 km
~2.5  uair an chloig ag siúl.
Ní siúlóid sléibhe í an ceann seo. Beidh an tsiúlóid ar chosáin agus ar bhóithre coille, ach tá seans go mbeidh sé fliuch nó lábach in áiteanna.

Treoraí: Eibhlín

Tús na siúlóide:  An carrchlós sa Láithreach in aice Woolen Mills.
Tagairt eangaí O 142 961, nó N53.0024, W6.3000
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar an R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar an R755. Tar éis 23km cas ar chlé ar R755 sa Láithreach. I ndiaidh 700m, gabh ar dheis chuig an gcarrchlós.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 13 Lúnasa 2026 - Ionaid Tionóil na Cathrach

5/8/2026

 
Picture
Ionaid Tionóil na Cathrach

Teacht le chéile: 6:30 i.n. ag "Páirc na Síochána", Plás Theampall Chríost.
Sin an pháirc bheag phoiblí ag cúinne Phlás Theampall Chríost agus Shráid Niocláis, BÁC 2, in aice le hÓstán Leonardo's.

An tSiúlóid: Díreofar sa tsiúlóid treoraithe seo ar na foirgnimh agus ar na suímh éagsúla a bhí in úsáid mar ionaid tionóil chathartha Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse ama idir an 10ú haois agus an 21ú haois. 
Tosófar an tsiúlóid ag Plás Theampall Chríost agus cuirfear deireadh leis ag Dáil Éireann.

Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair an chloig.

Treoraí: Breandán 
Beidh deoch againn i  dteach tábhairne áitiúil i ndiaidh na siúlóide.

Beidh Fáilte roimh chách.
Go siúla tú linn an samhradh seo

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 9 Lúnasa 2026 - Na Sléibhte Cuaille

1/8/2026

 
Tosóidh an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n
Siúlóid Sléibhe Mheánach:  Uaigh na Mná Móire, Creag an tSionnaigh, Creag na bPréachán, Cloch a'Fhiaigh, Sliabh Feigh agus ar ais go hUaigh na Mná Móire 
Tá an bealach anuas ó Sliabh Feigh garbh agus géar, agus sleamhain má bhíonn sé fliuch. Siúlóid timpeall 1km agus titim 250m a thógfaidh 40 nóiméad agus muid ag siúl go cúramach.
Fad na siúlóide: 12 km,
Mairfidh an tsiúlóid 6 uair an chloig.
​
Picture
Tús na siúlóide: Carrchlós ag Uaigh na Mná Móire, Sléíbhte Cuaille, Contae Lú.
Tagairt eangaí - Léarscáil 36  J 130 138 nó N54.069, W6.274.
Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n
 
Treoraí: Emer 
Nóta: Má tá tú chun teacht amach linn, cuir r-phost chugainn ag [email protected]
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an M1 go dtí bealach amach 18. Tiomáin 5 km ar an R173 i dtreo Chairlinn agus cas ar chlé ar bhóthar sínithe go hÓ Méith trí Bhaile Sheinicín. Ag T-ghabhal cas ar dheis agus ansin ar chlé. Ansin ag Y-ghabhal cas ar chlé, i gcónaí ag taisteal i dtreo Ó Méith. Sroichfidh tú an carrchlós ag Uaigh na Mná Móire 7.5 km tar éis an R173 a fhágaint. 
Nó lean an NASC seo go tús na siúlóide ar GoogleMaps
https://maps.app.goo.gl/zVS4fYYuxf4qVU896

Rachaimid go Fitzpatrick’s - teach tábhairne agus bialann ar an R173 tar éis na siúlóide.

Trealamh agus Feisteas Riachtanach:  Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html
 
Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

<<Previous
Forward>>
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly