Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 27 Lúnasa 2026 - Cill Fhionntain

25/8/2026

 
Picture
Le clabhsúr a chur le siúlóidí an tSamhraidh beidh siúlóid ghearr againn agus béile I ndiaidh na siúlóide.
Cill Fhionntain agus Binn Éadair 

Dáta: Déardaoin, 27 Lúnasa 2026

Teacht le chéile: 6:30 pm, ag Stáisiún Traenach Chill Fhionntain (Sutton).

An tSiúlóid: Ó Chill Fhionntain ar Thrá an Choinicéir (Burrow Strand) go Binn Éadair
Mairfidh an tsiúlóid timpeall uair an chloig.

Treoraí: Bláithín 

Tar éis na siúlóide beidh béile againn sa bhialann “Wrights - Findlater”, atá trasna an bhóthar ó Stáisiún Traenach Bhinn Éadair.
Tá an bhialann curtha in áirithe do 8.00pm.

Tá fáilte rompu siúd nach mbeadh ag siúl ach sinn a chur ar an eolas…[email protected] nó ar WhatsApp an chlub.
​
Beidh Fáilte roimh chách.

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 20 Lúnasa 2026 - Páirc San Anna

14/8/2026

 
Picture
Páirc San Anna - Ráth Eanaigh

Teacht le chéile: 6:30 pm, ag geata isteach na Páirce ar Bhóthar Chnoc Sibéal, Ráth Eanaigh. 
Tagairt Eangaí: N53.3723, W6.1940
An Eircode is cóngaraí (Coláiste Naomh Póil) - D05 C673 

Busanna H1, H2 agus H3 ón chathair chuig stad uimhir 532 (Na Cluainte/ The Meadows). Siúlóid 5 nóiméad go dtí an geata.
Is féidir Bus 130 a fháil trasna an bhóthair ón stáisiún traenach i gCluain Tarbh chuig Ascaill Vernon. Siúlóid 15 nóiméad chuig an geata isteach

An tSiúlóid: Páirc Naomh Anna, an Chrannlann, Gairdín na Rósanna, an cosán go dtí Bóthar an Tóchair, an trá chomh fada leis an droichead adhmaid.
Mairfidh an tsiúlóid 2  - 2.5 uair an chloig.

Treoraí: Íde

Beidh deoch againn sa teach tábhairne Uí Chonghaile (The Sheds) i ndiaidh na siúlóide.

Beidh Fáilte roimh chách.

Go siúla tú linn an samhradh seo.

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 13 Lúnasa 2026 - Ionaid Tionóil na Cathrach

5/8/2026

 
Picture
Ionaid Tionóil na Cathrach

Teacht le chéile: 6:30 i.n. ag "Páirc na Síochána", Plás Theampall Chríost.
Sin an pháirc bheag phoiblí ag cúinne Phlás Theampall Chríost agus Shráid Niocláis, BÁC 2, in aice le hÓstán Leonardo's.

An tSiúlóid: Díreofar sa tsiúlóid treoraithe seo ar na foirgnimh agus ar na suímh éagsúla a bhí in úsáid mar ionaid tionóil chathartha Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse ama idir an 10ú haois agus an 21ú haois. 
Tosófar an tsiúlóid ag Plás Theampall Chríost agus cuirfear deireadh leis ag Dáil Éireann.

Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair an chloig.

Treoraí: Breandán 
Beidh deoch againn i  dteach tábhairne áitiúil i ndiaidh na siúlóide.

Beidh Fáilte roimh chách.
Go siúla tú linn an samhradh seo

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 6 Lúnasa 2026 - Bruach na Dothra

30/7/2026

 
Picture
Bruach na Dothra

Teacht le chéile: 6:30 pm, ag stad Luas Baile Mhuilinn 
Eircode D06 H2D0 

An tSiúlóid: Baile Mhuilinn  - Domhnach Broc - Droichead na Dothra - An Rinn - Dugaí na Canálach Móire - Bruach na Life
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair an chloig.

Treoraí: Brian 
Beidh deoch againn sa teach tábhairne "Dockers" i ndiaidh na siúlóide.

​Beidh Fáilte roimh chách.

Go siúla tú linn an samhradh seo

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 30 Iúil 2026 - Séipéal Iosóid

24/7/2026

 
Picture
Séipéal Iosóid agus Bruach na Life

An tSiúlóid: Séipéal Iosóid, Bruach na Life, Droichead na hInse, Páirc an Fhionn Uisce

Teacht le chéile: 6:30 pm, ar an Droichead i Séipéal Iosóid
Seo an NASC ar Google Maps.
Eircode D20 XK72

Treoraí: Christie 

Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair an chloig.Beidh deoch againn sa teach tábhairne, The Villager i Séipéal Iosóid i ndiaidh na siúlóide.

​Beidh Fáilte roimh chách.
Go siúla tú linn an samhradh seo

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 23 Iúil 2026 - Leamhcán

16/7/2026

 
Picture
Leamhcán

An tSiúlóid: St Edmundsbury, Bruach na Life, Sráidbhaile Leamhcáin.

Teacht le chéile: 6:30 pm, an carrchlós trasna an bhóthair ó Eaglais Mhuire ar Bóthar Leamhcáin.
Tagairt eangaí -  O 039 355 nó N53.3595, W6.4395. 
Nó Eircode na heaglaise - K78 EY62
​

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Tóg an M4 go dtí bealach amach # 3. Cas ar dheis i dtreo Shráidbhaile Leamhcáin agus cas ar clé ag Bóthar Leamhcán R835. Lean an bóthar sin ar feadh 900m. Coinnigh ar chlé ag an ngabhal agus tá an carrchlós ar dheis ansin.
Nó lean an NASC seo ar Google Maps.

Busanna: C3, C4 ón gcathair go stad 3365 (Eaglais Mhuire/St. Mary’s Church)
nó L54 ó Stad LUAS Red Cow,
nó X31 ag 17:00 ó Belfield
nó X32 ag 17:15 ó Belfield. 


Treoraí: Deaglán

Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair an chloig.
​
Beidh deoch againn sa teach tábhairne,  Kenny’s, Sráidbhaile Leamhcáin i ndiaidh na siúlóide.
Beidh Fáilte roimh chách.
Go siúla tú linn an samhradh seo

<<Previous
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly