Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 26 Iúil 2026 - Cruachán Mhaigh Ráth - AR CEAL

18/7/2026

 
TÁ AN tSIÚLÓID SEO CURTHA AR CEAL

Siúlóid Sléibhe Mheánach:
  Carrchlós Foraoise Dhroim Ghoth, Slí Chualann Nua, Cruachán Mhaigh Ráth, Mullach, Droim Fhán an Iarainn, Fán an Iarainn.
Fad: 13 km, Dreapadh: 550 m,
4 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Tús na siúlóide: Carrchlós Foraoise Dhroim Ghoth .
Tagairt eangaí - T 094 889 nó N52.9400, W6.3735.
Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n
 
Treoraí : Breandán 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait nó síob uait go dtí tús na siúlóide, nó chun síob a thabhairt, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755. Tar éis 23km sa Láithreach, cas ar chlé ar R755. I ndiaidh 1.4km, gabh ar dheis ar L2083. Tar éis 7.7km, ag Gleann Molúra, díreach tríd an gcrosbhóthar I dtreo Achadh Mheánach (Aughavanagh), beidh an carrchlós ar do thaobh deas tar éis 3km.
Nó lean an NASC seo go tús na siúlóide ar GoogleMaps

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH - Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 12 Iúil 2026 - Tóin le Gaoith

3/7/2026

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Gleann Log an Easa, Tóin le Gaoith, Barr Clochach, Mullach Cliabháin Oirthear
Fad: 16 km, Dreapadh: 700 m,

5 uair an chloig ag siúl.

Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) 
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. 
nó
Tús na siúlóide:   Carrchlós Ghleann Log an Easa.
Tagairt eangaí - O 113 030 nó N53.0665, W6.3400.
Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n
 
Treoraí : Seán 
Má tá tuilleadh eolais uait nó síob uait go dtí tús na siúlóide, nó chun síob a thabhairt, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Tá an carrchlós gar do Eas Ghleann Log an Easa (Glenmacnass Waterfall), ar an mBóthar Míleata (R115) idir an Láithreach agus Baile Átha Cliath.
Ag dul ar an M11 ó Bhaile Átha Cliath, imigh den M11 ag Cill Mocheanóg agus téigh ar
an R755 go dtí An Tóchar agus An Láithreach. Cas ar dheis sa Láithreach (ag tús an tsráidbhaile) ar an R115. Tá an carrchlós thart ar 7.5 km ón Láithreach, i ndiaidh an easa, ar thaobh na láimhe clé.

Nó lean an NASC seo go tús na siúlóide ar GoogleMaps

​TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 28 Meitheamh 2026 - Achadh Mheánach

21/6/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n.
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Achadh Mheánach, An Abha, South Prison de Log na Coille agus ar ais.
Beidh an talamh fliuch in áiteanna
Fad na siúlóide  - 15.0 km,  Dreapadh - 600 m
4.5 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) 
Imeoimid ag 9.15 r.n. go cruinn. 
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag Droichead Achadh Mheánach (in aice yurts.ie).
Tagairt eangaí - T 056 861 nó N52.9159, W6.43098
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide: 
Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg agus ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach.  Sa Láithreach cas ar chlé (fós ar an R755). I ndiaidh 1.4km, gabh ar dheis ar L2083 go Gleann Molúra. I nGleann Molúra gabh díreach tríd an gcrosbhóthar i dtreo Achadh Mheánach (Aghavanagh), beidh an carrchlós ar do thaobh deas tar éis 9km.

Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Trealamh agus Feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas



Siúlóid Sléibhe Éasca - Dé Céadaoin, 24 Meitheamh 2026 - Gleann Dá Loch

17/6/2026

 
Siúlóid Sléibhe Éasca: Gleann Dá Loch, Gleann na Spince, Gleann Abhlach
Fad na siúlóide:  9.0 km, Dreapadh: 380 m
3.5 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.htmlTús na siúlóide: An carrchlós ag an Loch Uachtarach i nGleann Dá Loch.
(Ta táille 4 Euro chun carr a pháirceáil ann ach tá leithris, seastáin caifé agus bia ann.)
Tagairt Eangaí: T 112 964 nó N53.0068 W6.3445
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Tom
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected]

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Gabh an N11 go dtí Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí An Láithreach, agus an R756 go dtí Gleann Dá Loch. Buailfimid lena chéile sa charrchlós ag an Loch Uachtair (an dara carrchlós).
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Trealamh agus feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 14 Meitheamh 2026 - Na Beanna Boirche

9/6/2026

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Na Beanna Boirche (Mourne Mountains), Sliabh Binneáin, Contae an Dúin
Fad na siúlóide  - 12.0 km, Dreapadh - 570m
4.5 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Tús na siúlóide: Carrchlós ag 208 Head Road nó Carrick Little Car Park.
Tagairt eangaí - J 345 223 nó N54.12874, W5.94330
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Tá an carrchlós ag 208 Head Road saor in aisce ach níl a lán spáis ann. Tá carrchlós príobháideach ar an mbóthar (garbh, gan dromchla) i dtreo Carrick Little Glamping, nó ceann eile 300m uaidh ar Oldtown Road.
​
Treoraí: Breandán 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Téigh ar an MI go dtí an tIúr (Newry) agus ansin beidh dhá rogha agat:
1    Lean an Mourne Coastal Route. Cas ar chlé 10km tar éis Ros Treabhair, chuig Áit Tí Chathail (Attical) agus ansin chuig Head Road.
2     Téigh ar Bhóthar Bhaile Hill (Hilltown Road) chuig Droichead Mhaigh Eo (Mayobridge) agus Baile Hill. Ansin ar Bhóthar Chill Chaoil (Kilkeel Road) i dtreo Áit Tí Chathail chun bualadh leis an Head Road.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Trealamh agus Feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Siúlóid Éasca  - Dé Domhnaigh, 7 Meitheamh 2026 - Taiscumar Fheartraí

3/6/2026

 
​Ní siúlóid sléibhe í an ceann seo.
Tosófar an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n.
Siúlóid Éasca: Siúlóid timpeall Taiscumar Fheartraí, an Tóchar (Vartry Reservoir, Roundwood)
Fad na siúlóide - ~8 km, Dreapadh – 0 m, 3 uair an chloig ag siúl.
​

Picture
Treoraí: Christy 

Tús na siúlóide:  Carrchlós Fheartraí Uachtair 
Tagairt eangaí O 204 038, nó N53.0716, W6.2053
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Gabh an M11 go Cill Mocheanóg agus ansin téigh ar an R755 go dtí an Tóchar. Díreach roimh lár an bhaile cas ar chlé ar an R765  - an bóthar go Baile an Chinnéidigh (Newtown Mountkennedy) agus Cill Chomhghaill (Kilcoole). Sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 1.3 km ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

<<Previous
Forward>>
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly