Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Trealamh agus feisteas
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Ballraiocht
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 18 Deireadh Fómhair 2026 - Gleann Molúra

12/10/2026

0 Comments

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach:  Gleann Molúra, Mullaigh Mhór, An Chuileanntrach
Fad: 15 km, Dreapadh: 550 m
5 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89)
Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag Lóiste Ghleann Molúra (Glenmalure Lodge)
Tagairt eangaí - T 107 909 nó N52.9575, W6.3537.
Eircode: A67 WF65
Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n
 
Treoraí : Breandán 
Chun tuilleadh eolais a fháil nó síob go dtí tús na siúlóide a shocrú, téigh i dteagmháil linn ag [email protected]
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755. Tar éis 23km sa Láithreach, cas ar chlé ar R755. I ndiaidh 1.4km, gabh ar dheis ar L2083. Tar éis 7.7km, ag Gleann Molúra, cas ar chlé agus beidh an carrchlós ar do thaobh deas.
Nó lean an NASC seo go tús na siúlóide ar GoogleMaps

Trealamh agus Feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - trealamh agus feisteas

Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

0 Comments

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 4 Deireadh Fómhair 2026 - Sliabh gCad

29/9/2026

0 Comments

 
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Gleann Chillín Chaoimhín (Hollywood Glen), Sliabh gCod (Church Mountain), Coire Breac.
Fad na siúlóide - 15.5 km,  Dreapadh – 600 m, 4.5 huaire an chloig ag siúl.

Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóidí: Carrchlós i nGleann Chillín Chaoimhín ag Buaile an Chrainn (Woodenboley) ar an gcúlbhóthar go Dún Ard.
Tagairt eangaí – N 932 020, nó N53.0604, W6.6110
Seo Eircode an tí is cóngaraí  W91 E0H9
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Seán
Chun tuilleadh eolais a fháil, nó síob go tús na siúlóide, téigh i dteagmháil linn ag [email protected].


​Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N81 trí Bhaile Coimín (Blessington). 10 km tar éis Bhaile Coimín cas ar chlé ag comhartha bóthair go hÁth Gréine ar an L8341. Sroichfidh tú an t-ionad páirceála tar éis 3.5 km ar an taobh clé.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

0 Comments

Siúlóid Sléibhe Éasca - Dé Céadaoin, 30 Meán Fómhair 2026 - Dioghais

20/9/2026

0 Comments

 
Tosófar an siúlóid ag 11.00 r.n.
Siúlóid Sléibhe Éasca: Dioghais (Djouce) - ó thaobh Loch Té
3 - 3.5 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Tús na Siúlóide: - An chéad charrchlós beag ar an taobh deas ag an láthair amhairc os cionn Loch Té, agus tú ag teacht ón Tóchar ar an R759
Tagairt eangaí : O 170 072  nó N53.1026, W6.2544.
Bí ann ag 10.45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00r.n.

Treoraí:  Brian 
Nóta: - Má tá síob á lorg nó tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected] .

Treo go dtí tús na siúlóide: Ó lár BhÁC lean an N/M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 i dtreo An Tóchair. Tar éis 11 km cas ar dheis ar an R759 i dtreo Bhearna Bhealach Sailearnáin (Sally Gap). Tar éis 3.4 km tá an chéad charrchlós beag ar an taobh deas.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Trealamh agus Feisteas 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas

0 Comments

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 20 Meán Fómhair 2026 - Sliabh Dónairt

14/9/2026

0 Comments

 
​Siúlóid Sléibhe Mheánach: An Caisleán Nua, Sliabh Dónairt, Contae an Dúin
Fad: 12 km, Dreapadh: 850 m, 
5-5.5 huaire an chloig ag siúl
​

Picture
Tús na siúlóide: Carrchlós Dónairt, An Caisleán Nua, (Donard Car Park, Newcastle, County Down).
Tagairt Eangaí: J 374 306 nó N54.2062 W5.8944
 
​NB – Bí ann an 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n


Treoraí: Máire

Nóta: Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil téigh i dteagmháil linn ag an seoladh seo.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó chathair Bhaile Átha Cliath:
- Lean an M1 agus gabh an A1 i dtreo Iúr Chinn Trá (nó an Iúir)
- Gabh an chéad bhealach amach (gabhal A25 Newry  - Downpatrick) ag an timpeallán
- Lean Bóthar Bhéal Feirste ar feadh 1.1km, ansin cas ar dheis ar Bhóthar Turmore (A25).
- Tar éis 2.6km, cas ar chlé ag an T-acomhal agus lean an A25 ar feadh 20km go dtí Coill Chua (Kilcoo).
- I lár an bhaile, gabh ar bhóthar Tullyree (gabh beagán ar dheis) ar feadh 3.7km.
- Cas ar chlé ar Bhóthar Áth Bhriain (Bryansford Road) nó B180 agus lean é ar feadh 3.2km.
- I lár sráidbhaile Áth Bhriain (Bryansford), gabh ar dheis ar feadh 2.6km eile go dtí an timpeallán (tá tú fós ar Bhóthar Áth Bhriain).
- Gabh an dara bealach amach. I ndiaidh 1km, cas ar chlé ar bhóthar Shimna/A2 agus tar éis 50m gabh ar dheis ar bhóthar Causeway. I ndiaidh 180m eile cas ar dheis ar Central Promenade/A2 agus fan sa lána ar dheis. Tar éis 190m gabh beagán ar dheis i dtreo Bhóthar Áth Bhriain /A2 agus ansin cas ar chlé. Tá an carrchlós díreach os do chomhair.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.
 
Tá an carrchlós saor in aisce ach bíonn sé gnóthach.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.

0 Comments

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 6 Meán Fómhair 2026 - An Corrán  (Crone)

30/8/2026

 
Picture
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30r.n.
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Crón, Tóin Dubh, Málainn
Fad: 12 km,
Dreapadh: 490 m

Tús na siúlóide: Carrchlós an Chorráin - Crone Car Park
Tagairt eangaí - O 193 142 nó  N53.1653, W 6.2169.
Bí ann ag 10:15 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n
 
Treoraí : Deaglán
Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil, nó chun síob a thabhairt, téigh i dteagmháil linn ag Cnocadóirí@Yahoo.com
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: 
Ó Bhaile Átha Cliath, téigh ar an R117 go hÁth na Sceire agus ansin ar an R670 ar feadh 3.3km. Cas ar dheis ar an L1013 go dtí Eas Chúirt an Phaoraigh (Powerscourt Waterfall). Ná téigh isteach an geata ag an eas ach lean ar aghaidh ar an mbóthar seo L1013. Tá an carrchlós 2 km tar éis an easa, ar an taobh clé.
Nó lean an NASC seo go dtí tús na siúlóide


TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat - http://www.cnocadoiri.com/trealamh.html
 
Neamhbhaill:
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

Siúlóid Sléibhe Éasca - Dé Céadaoin, 26 Lúnasa 2026 - Caisleán na Sióg

23/8/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 11:00 r.n.
Siúlóid Sléibhe Éasca: Páirc Chnoc na Raithní, Binn Trí Charraig, Caisleán na Sióg, Binn Dá Charraig, Cosán
Fad na siúlóide: 12.0 km, Dreapadh: 400 m

​
Picture
Tús na siúlóide: An carrchlós i bPáirc Chnoc na Raithní (Fernhill Park), An Chéim
Tagairt Eangaí: O 183 247 nó N53.2597 W6.2280
Eircode: Tá Rosemount School  (D18 A8N2) ag bealach isteach na páirce
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.

Treoraí: Íde 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected]

Treoracha go dtí tús na siúlóide: 
Gabh an R117 trí Bhaile an Mhuilinn, Dhún Droma, Bhaile Amhlaoibh (Balally) agus ar aghaidh. Sroichfidh tú bealach isteach na Páirce ar an taobh deas 500m tar éis Backglen Road agus 1.2 km roimh An Chéim. Tá an bealach isteach céanna in úsáid ag Rosemont School.
Nó lean an  nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide

Trealamh agus feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

<<Previous
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly