Turas Siúil sa Spáinn, 10 - 19 Deireadh Fómhair 2025
Beidh turais siúil ag Na Cnocadóirí i Sléibhte Dheisceart na Spainne
ón Satharn, 10 Deireadh Fómhair 2025, go dtí an Domhnach, 19 Deireadh Fómhair.
Beimid ag fanacht in Mijas Pueblo - 25 km soir ó Aerphort Málaga.
Tá Mijas Pueblo suite ar mhala na sléibhte (1300m ar airde), agus is féidir siúl ón mbaile féin.
Beidh siúlóid sléibhe againn gach lá ón Domhnach 12/10 go dtí Dé Sathairn, 18/10.
Má bhíonn aon daoine luath go leor ann i Mijas Pueblo beidh siúlóid ghearr againn tráthnóna Sathairn 11 Deireadh Fómhair
Nóta beag - Má bhíonn suim ag aon duine taisteal cúpla lá níos luaithe agus fanúint cóngarach do Torremolinos nó sa bhaile féin, beidh siúlóid ó Torremolinos ann Dé hAoine, 10 Deireadh Fómhair. Níl na sléibhte (650m ar airde) ach 20 nóiméad de shiúl na gcos ó lár Torremolinos.
Ni gá an tseachtain ar fad a chaitheamh leis an ngrúpa. Is féidir roinnt laethanta, nó tréimhse níos faide a chaitheamh sa cheantar.
Taisteal
Tá 7 nó 8 n-eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Málaga le Ryanair nó le hAer Lingus gach lá.
Taisteal Áitiúil
Tá traein díreach ó Aerfort Málaga go Torremolinos – turas 10 nóiméad, gach 20 nóiméad.
Tá bus díreach ó Torremolinos go Mijas Pueblo - turas 70 nóiméad, gach 30-40 nóiméad.
Seo an bealach is fearr le dul go Mijas Pueblo ón Aerfort: - Tóg an traein go Arroyo de la Miel (3 stad tar éis Torremolinos) agus ansin an bus go Mijas Pueblo. Tá stad an bhus in aice an stáisiúin traenach in Arroyo de la Miel.
Is féidir cárta creidmheasa nó cárta dochair (e.g. Revolut) a úsáid chun dul ar na traenacha, in ionad ticéad a cheannach ó na meaisíní ticéid.
Is fiú go mór cárta taistil (Tarjeta de Transporte - cosúil le Cárta Leap) a cheannach chun na busanna, traenacha agus metro a úsáid sa cheantar. Tá an cárta seo ar fáil san aerfort, i siopaí agus ag an stáisiún bus in Torremolinos. Is feidir é a úsáid i gCúige Málaga ar fad.
Tá Fuengirola (áit a bhfuil trá fhada agus a lán bialanna ann) ag bun an chnoic ó Mijas Pueblo - turas bus 20 nóiméad, gach 30-40 nóiméad.
Ó Arroyo de la Miel (3 stad ar an traein ó Torremolinos, 10 nóiméad) tá carr cábla go barr na sléibhte.
Tá amchlár na mbusanna go léir againn, a scaipfear níos cóngaraí don turas.
Lóistín
Bí cúramach: Is ceantar mór é Mijas - mar shampla tá Mijas Pueblo 17km ó La Cala de Mijas. Bí cinnte, agus tú ag féachaint ar chóras taistil nó ar lóistín, go bhfuil an áit cheart i gceist agat i.e. Mijas Pueblo.
Beidh ar gach duine a lóistín féin a shocrú.
Tá grúpa WhatsApp againn, ionas go mbeidh daoine in ann a gcuardach lóistín a chomhordú, chun óstán nó árasán a roinnt etc.
Níl óstáin mhóra ná blocanna móra árasán in Mijas Pueblo, ach tá an-chuid árasán aonarach, seomraí nó tithe príobháideacha ar cíos etc.
Eolas
Má bhíonn tuilleadh uait, téigh i dteagmháil linn ag [email protected]
Is do bhaill Na Cnocadóirí amháin an turas seo.