Fáilte chuig suíomh na gCnocadóirí

Más Gaeilgeoir tú, nó duine atá ag foghlaim na teanga agus go bhfuil spéis agat sa chnocadóireacht, beidh fáilte mhór romhat a bheith linn.

Téimid ag cnocadóireacht gach coicís, ar an Domhnach, ó Mheán Fómhair go Bealtaine, i sléibhte Chill Mhantáin agus teimid ar chorrdheireadh seachtaine cnocadóireachta sa Ghaeltacht.

Buailimid le chéile ag oifigí Bhord Soláthair an Leictreachais (BSL) ar Shráid Mhic Liam Íochtarach (Lwr Fitzwilliam St), ag fágáil ag 10.30 a.m. Mura n-oireann sin duit, tig leat a dhul díreach chuig ionad tosaithe na siúlóide. Tosóidh gach siúlóid ag 11.45 a.m. agus mairfidh sí 4.5 nó 5 huaire an chloig.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith leat:

D'fhéadfadh nach ligfí do dhaoine teacht ag siúl feasta mura mbeidh na nithe sin thuas ar fad acu.

Ólaimid deoch i dteach tábhairne in aice láimhe tar éis gach siúlóid. Ná dearmad gur spórt dainséarach í an chnocadóireacht agus gur ort féin atá an fhreagracht agus tú á déanamh! Caithfidh daoine a bheith réasúnta aclaí freisin. Chun d'ainm a chur ar an liosta chun eolas a fháil faoi na siúlóidí, cuir d'ainm agus do sheoladh ríomhphoist chuig: cnocadoiri@yahoo.com

Tuilleadh eolais: cnocadoiri@yahoo.com

* Na Siúlóidí *

Dáta Siúlóid Treoraí Áit Chruinnithe
15 Meitheamh Achadh mBeannach, Deisceart Chill Mhantáin ----------------- Ceanncheathrú an BSL ar 10.30, Sráid Mhic Liam, agus eolas faoi ionad cruinnithe eile ar fáil go luath
18 Bealtaine Droibhéal (Gravale), An Cnoc Dubh agus Mullach Cliabhán. ----------------- Ceanncheathrú an BSL ar 10.30, Sráid Mhic Liam, agus eolas faoi ionad cruinnithe eile ar fáil go luath
2 - 5 Bealtaine Deireadh seachtaine fada i gCo. an Chabháin ----------------- Lóistín: Béal Átha Conaill, Eolas breise- féach Imeachtaí
20 Aibreán Cipiúr agus Gleann na Life Seán Ó Fearghail Ceanncheathrú an BSL ar 10.30, Sráid Mhic Liam, agus Carrchlós ag O 068 145 ar léarscáil 56 na Suirbhéireachta Ordanáis ar 11.45. Treoracha ó Chill Bhríde (Kilbride): Lean Bearnas na Diallaite (Bearnas na Sailearnan/Sally Gap) ar feadh 8.9 km go Droichead Chipiúir (Kippure Bridge). Cas ar chlé ag an droichead, tá an t-ionad pairceála 1km síos an bóthar ar thaobh na láimhe deise.
6 Aibreán Maoilín. (Ainm eile - Tigh an Tearmainn/Trooperstown Hill) Seán Ó Fearghail Ceanncheathrú BSL ar 10.30 nó Carrchlós ag T 159, 970 ar léarscáil 56 na Suirbhéireachta Ordanáis ar 11.45
23 Márta (Domhnach Cásca) Gleann Molúra Don Reilly Ceanncheathrú an BSL ar 10.30, Sráid Mhic Liam
9 Márta Chnoc an tSamhaidh Máirtín O Cadhain Ceanncheathrú an BSL ar 10.30, Sráid Mhic Liam agus Leacan 11:45
28 Feabhra Gleann Dá Loch ----------------- Ceanncheathrú an BSL ar 10.30, Sráid Mhic Liam
10 Feabhra "Pier Gates" ----------------- Ceanncheathrú an BSL ar 10.30, Sráid Mhic Liam
27 Eanáir Gleann Bhríde ----------------- Ceanncheathrú an BSL ar 10.30, Sráid Mhic Liam agus An Chrois (Valleymount) 11.30 (tá sé easca dul ar strae ar an mbealach.......)

Tosóidh gach siúlóid ag 11.45 r.n. agus mairfidh sí 4.5 nó 5 huaire an chloig. Dóibh siúd atá ag teacht ón gcathair, buailfimid le chéile ag ceanncheathrú Bhord Soláthair an Leictreachais ar Shráid Mhic Liam Íochtarach. Féach Treoracha

Tá an suíomh idirlín faoi chúram Shéamuis Mhic Giolla Phádraig. 4 Aibreán 2008 a rinneadh an nuashonrú ba dhéanaí.


This page hosted by GeoCities Get your own Free Home Page