Ar an 19/10/11 a rinneadh an nuashonrú ba dhéanaí ar an leathanach seo
Ar ais go barr an leathnaigh An Príomhleathanach Déan teagmháil linn
FÓGRAÍ
FÉILIRE
Cliceáil ar na dátaí daite
Ceisteanna Coitianta
An gcuireann sibh fáilte roimh dhaoine ata ag foghlaim na Gaeilge? Níl Gaeilge líofa agam ach ba mhaith liom feabhas a chur uirthi?
Fáitítear roimh gach duine atá sásta Gaeilge a labhairt ar na siúlóidí. Tá meascán sa chlub, idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí. Caithfidh bunchumas cumarsáide éígin a bheith ag daoine, ó thaobh sábháilteachta de, ionas go dtuigfidh siad treoracha agus mar sin de, ach ní gá bheith líofa. Tháinig daoine amach linn go minic a bhí ag foghlaim Gaeilge agus bhain siad taitneamh as na siúlóidí. Muna bhfuil tú muiníneach agus tú ag labhairt, is féidir bheith ag éisteacht agus ag foghlaim agus tú ag siúl.
An gá dom bheith an-aclaí chun dul ar na siúlóidí?
Ní gá duit bheith an-aclaí go deo, ach ní mór duit taithí áirithe a bheith agat. Maireann na gnáthshiúlóidí timpeall 5 huaire an chloig, ach bíonn siúlóidí níos éasca againn ó am go chéile freisin. Luaitear cén cineál siúlóide a bheidh ann nuair a scaiptear na sonraí. Má cheapann tú go mbeidh gnáthshiúlóid mheánach ródhian duit, tar amach ar cheann de na siúlóidí éasca ar dtús.
Níl aon charr agam. An mbeidh mé in ann síob a fháil go tús na siúlóide?
Is iondúil go mbuailimid lena chéile i lár na cathrach agus eagraítear comh-úsáid carranna ón áit sin. Cliceáil anseo chun treoracha a fháil.
An mó ball atá sa chlub?
Bhí 50 ball sna Cnocadóirí le linn 2010.
Tá an bhallraíocht oscailte agus fáiltímid roimh chlárúcháin i gcomhair 2011.
Bíonn thart ar 100 duine eile ar liosta teagmhála le heolas a fháil faoi imeachtaí an club nach bhfuil cláraithe mar bhaill go fóill.

Ceist agat?
Cuir cuir chugainn í agus cabhraigh linn an leathanach seo a fhorbairt.
Nó má tá teachtaireacht níos faide agat déan teagmháil linn.