Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Turas Siúil sa Spáinn, 10 - 19 Deireadh Fómhair 2025

20/10/2025

 
D'fhanamar in Mijas Pueblo  - 25 km soir ó Aerphort Málaga.
Tá Mijas Pueblo suite ar mhala na sléibhte (1300m ar airde), agus is féidir siúl ón mbaile féin. 

Bhí siúlóid sléibhe againn gach lá ón Luan 13/10 go dtí Dé Sathairn, 18/10.
Bhí roinnt siúlóidí ón bhaile féin, agus roinnt eile a thógamar bus go tús na siúlóide. Rinneamar cuairt ar, agus shiúlamar,  Caminito del Rey freisin.

Taisteal: ó Bhaile Átha Cliath go Málaga le Ryanair nó le hAer Lingus.
Taisteal Áitiúil: Tá traein ó Aerfort Málaga go Arroyo de la Miel nó go Fuengirola – agus ansin bus díreach go Mijas Pueblo.

Tá Fuengirola (áit a bhfuil trá fhada agus a lán bialanna ann) ag bun an chnoic ó Mijas Pueblo - chaith cuid den dream roinnt laethanta ann.

Lóistín: Réitigh gach duine a lóistín féin. Níl óstáin mhóra ná blocanna móra árasán in Mijas Pueblo, ach tá an-chuid árasán aonarach, seomraí nó tithe príobháideacha ar cíos etc.

Eolas: Má bhíonn tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil linn ag [email protected]


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly