Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Turas Siúil sa Spáinn, 10 - 19 Deireadh Fómhair 2025

15/6/2025

 
Picture
Beidh turais siúil ag Na Cnocadóirí i Sléibhte Dheisceart na Spainne
ón Satharn, 10 Deireadh Fómhair 2025, go dtí an Domhnach, 19 Deireadh Fómhair.


Beidh siúlóid sléibhe ó Torremolinos:- 
Dé Sathairn, 11/10 agus Dé Domhnaigh, 12/10.
Níl na sléibhte (650m ar airde) ach 20 nóiméad de shiúl na gcos ó lár Torremolinos.

Dé Luain, 13 Deireadh Fómhair:- Bogfaimid go Mijas Pueblo, uair an chloig ar an mbus.
Beidh siúlóid sléibhe ó Mijas Pueblo - ón sráidbhaile féin, nó tar éis turais bus ghearr:- 
Dé Luain, 13/10 (sa tráthnóna) go dtí Dé Sathairn, 18/10.
Tá Mijas Pueblo suite ar mhala na sléibhte (1300m ar airde), agus is féidir siúl ón bhaile féin.
Ni gá an tseachtain ar fad a chaitheamh ann leis an ngrúpa. Is féidir roinnt laethanta, nó tréimhse níos faide sa cheantar.

Taisteal
Tá 7 nó 8 n-eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Málaga le Ryanair nó le hAer Lingus gach lá.

Taisteal Áitiúil
Tá traein díreach ó Aerfort Málaga go Torremolinos – turas 10 nóiméad, gach 20 nóiméad.
Tá bus díreach ó Torremolinos go Mijas Pueblo - turas 70 nóiméad, gach 30-40 nóiméad.
 
An bealach is fearr le dul go Mijas Pueblo ón Aerfort ná an traein go Torremolinos (nó cúpla stad níos faide go Arroyo de la Miel) agus ansin an bus go Mijas Pueblo. Tá stad an bhus an-chóngarach don stáisiún traenach sa dá áit.

Is féidir cárta creidmheasa nó cárta dochair (e.g. Revolut) a úsáid chun dul ar na traenacha, in ionad ticéad a cheannach ó na meaisíní ticéid.
Is fiú go mór cárta taistil (cosúil le Cárta Leap) a cheannach chun na busanna, traenacha agus metro a úsáid sa cheantar. Tá an cárta seo ar fáil san aerfort, i siopaí agus ag an stáisiún bus in Torremolinos. Is feidir é a úsáid i gCúige Málaga ar fad.

Tá Fuengirola (áit a bhfuil trá fhada agus a lán bialanna ann) ag bun an chnoic ó Mijas Pueblo - turas bus 20 nóiméad, gach 30-40 nóiméad.
Ó Arroyo de la Miel (3 stad ar an traein ó Torremolinos, 10 nóiméad) tá carr cábla go barr na sléibhte.
Tá amchlár na mbusanna go léir againn.

Lóistín
Bí cúramach: Is ceantar mór é Mijas  - mar shampla tá Mijas Pueblo 17km ó La Cala de Mijas. Bí cinnte, agus tú ag féachaint ar chóras taistil nó ar lóistín, go bhfuil an áit cheart i gceist agat i.e. Mijas Pueblo.
Is cathair an-fhada í Torremolinos. Moltar fanacht in El Bajondillo nó Centro i lár na cathrach, an-chóngarach don stáisiún traenach agus do na háiseanna go léir.

Beidh ar gach duine a lóistín féin a shocrú.
Tá grúpa WhatsApp againn, ionas go mbeidh daoine in ann a gcuardach lóistín a chomhordú, chun óstán nó árasán a roinnt etc.
Mar shampla is bloc mór árasán cois cladaigh é Apartamentos Bajondillo, in Torremolinos, cóngarach don trá agus cúpla nóiméad ón stáisiún traenach.
Níl óstáin mhóra ná blocanna móra árasán in Mijas Pueblo, ach tá an-chuid árasán aonarach, seomraí nó tithe príobháideacha ar cíos etc.

Eolas
Má bhíonn tuilleadh uait, téigh i dteagmháil linn ag [email protected]


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly