Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Threoraithe - Dé Sathairn, 29 Márta 2025 - Duga Spenser

24/3/2025

 
​Siúlóid Oidhreachta; Duga Spencer agus an ceantar máguaird
Tá an tsiúlóid seo á heagrú mar chuid de Fhéile Ealaíon na Cúig Lóchrann  (Five Lamps Arts Festival)
Picture
Dáta/am: 11:00 am, Dé Sathairn, 29 Márta, 2025

Fad: Thart ar 2.5 km. Mairfidh an turas ar fad uair an chloig go leith agus beimid ag tosú agus ag críochnú ag Duga Spencer.
Teacht le Chéile: An pháirc bheag phoiblí in aice Stáisiún Luas Dhuga Spencer, BÁC 3.

An tSiúlóid: Turas treoraithe neamhfhoirmiúil é seo, trí mheán na Gaeilge. Beidh an tsiúlóid dírithe ar oidhreacht ailtireachta agus innealtóireachta Dhuga Spencer agus an cheantair máguaird.

Treoraí: Breandán, a bhfuil an-eolas aige ar ailtireacht agus stair an cheantair.

Tá ticéid ar fáil, saor in aisce, ar EventBrite ag an NASC SEO.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected] nó le Breandán.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly