Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Staire  - SeanTeampaill BhÁC - Dé Sathairn, 8 Márta 2025

2/3/2025

 
Picture
Séipéil Réamh-Normannacha Bhaile Átha Cliath

Teacht le chéile:     Lasmuigh d’Ardeaglais Theampall Chríost  (Christchurch), Plás Theampall Chríost (díreach taobh istigh den phríomhgheata). 
Am: 10:30 r.n. Dé Sathairn, 8 Márta 2025

An tSiúlóid:  Beidh an turas treoraithe seo ag díriú ar iarsmaí na n-eaglaisí réamh-Normannacha i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Breathnóimid ar an ailtireacht atá fós ann agus ar na rianta foirgneamh agus struchtúr a tógadh roimh 1170 AD. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ag Teampall Chríost, agus pléifimid na fianaisí seandálaíochta atá ann do Theampaill Naomh Mícheál le Pole (Mac Táil), Naomh Peadar, Naomh Pádraig agus Naomh Caoimhín.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 1.5 huaire an chloig, ó Phlás Theampall Chríost go Rae Camden / Sráid Loch Garman.

Treoraí: Breandán

Beidh fáilte roimh chách.

Beidh deoch nó rud beag le hithe againn in áit éigin in aice láimhe ag deireadh na siúlóide.
NB Beidh an turas i mBaile an Chinnéidigh ag 2:00pm i ndiaidh an chinn seo , má bhíonn síob uait téigh i dteagmháil linn.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly