Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Turas Siúil sa Spáinn 2025
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid, Sléibhte Chuaille, Dé Domhnaigh, 6 Samhain 2016

31/10/2016

 
​Siúlóid: Carn an Mhadaigh,  An Poc Fada, Sléibhte Chuaille
 
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 huaire an chloig ag siúl.
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.00 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:   Carrchlós cóngarach do theach tábhairne Lumper. (Tagairt eangaí J 104 112 nó  N54.03825 W6.3156).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:00 agus 4:30 i.n.
Rachaimid go dtí Óstán Bhaile Mhic Scanláin nó teach tábhairne/bialann Fitzpatrick’s ar an R173 tar éis na siúlóide.
 
Treoraí : Emer
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn chun síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Lean an M1 go dtí bealach amach 18. Tiomáin 2.5 km ar an R173 i dtreo Chairlinn agus cas ar chlé ar bhóthar sínithe "Ravensdale L3085". Lean ar aghaidh go dtí an T-ghabhal agus cas ar dheis ar an R 174. Tiomáin 1 km thar ghabhal Bhaile Mhic Eileoid. Ansin cas ar chlé díreach tar éis an droichid roimh theach tábhairne Lumper’s  (J 100 107). Tiomáin 1.5km suas ar chúl Lumper’s agus feicfidh tú bóthar foraoise ar thaobh na láimhe deise. Sin tús na siúlóide (J 104 112).
Tá spás do charranna píosa beag níos faide ar aghaidh thar droichead ar dheis.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.                                                    
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly