Fad: 18 km, Dreapadh: 700 m, 5.5 huaire an chloig ag siúl
(Nóta: Tá rogha ag daoine dul suas Cruachán Mhaigh Rath – 1.8km, 120m, 40 nóiméad sa bhreis)
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9.15 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide: 10:45 r.n. ag ionad páirceála Lóiste Ghleann Molúra (Glenmalure Lodge) - tagairt eangaí: T 107 908 nó N52.9575 W6.3537).
NB – Tosóimid ag siúl ag 11:00 r.n. go cruinn
Treoraí: Breandán
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755. Tar éis 23km cas ar chlé ar R755. I ndiaidh 1.4km, gabh ar dheis ar L2083. Tar éis 7.7km cas ar chlé. Tá an t-ionad páirceála ar an taobh dheis, os comhair an ‘Glenmalure Lodge’.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí an carrchlós.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas