Siúlóid Sléibhe Mheánach: An Leacain, Slí an Aifrinn, An Tuama, Cnoc an tSamhaidh, Bearna Bhuaile an Ultaigh, Cnoc Dubh, 4 – 4.5 uair an chloig ag siúl.
Fad: 13 km, Dreapadh: 600 m
Tús na siúlóide: Ionad páirceála os comhair Theach an Phobail in aice an Lacken Inn (Teach tábhairne Zeller). Tagairt eangaí – T 013 107 nó N53.1394, W6.4898)
Nóta: Toisc an carrchlós sin a bheith an-ghnóthach bí ann ag 10:15 r.n. chun bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.
Treoraí: Deaglán
Má tá tuilleadh eolais uait nó síob go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn. Coinnigh súil ar an ngrúpa WhatsApp.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an N81 go Baile Coimín. I lár an bhaile cas ar chlé agus lean na comharthaí 6 km go dtí An Leacain. Tá an t-ionad páirceála ag an teach tábhairne agus ag an séipéal ar thaobh na láimhe deise gar do shráidbhaile Na Leacan. Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas