Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 2 Samhain 2025 - Áth na Leice

26/10/2025

 
Siúlóid sléíbhe mheánach:  Droichead Áth na Leice, An Barr Clochach, Tóin le Gaoith, Slí Chaoimhín
Fad: 12.5 km, Dreapadh: 650 m, 4.5 huaire an chloig ag siúl
​
Picture
Tús na siúlóide: Droichead Áth na Leice - idir Cillín Chaoimhín agus Bearna Chill Mhantáin.
Tagairt eangaí O 056 019 
nó N53.0573 W6.4261.


Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
 
Treoraí: Seán 
Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn, lá roimh ré.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an N81 go Baile Coimín agus lean díreach ar aghaidh. Tar éis 8 km cas ar chlé ar an R756 i dtreo Chillín Chaoimhín (Hollywood). Tá an Tá an carrchlós ar an taobh clé 13 km tar éis Chillín Chaoimhín
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH 
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly