Nóta - Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n.
Siúlóid sléibhe mheánach: Lúb Shliabh gCuilinn (Slieve Gullion), Contae Ard Mhacha - An Carn Theas, Loch na Caillí Béara, Tobar Naomh Bláthnaid.
Fad na siúlóide - 15 km, Dreapadh - 550 m, Timpeall 4.5 uair an chloig ag siúl.

Tús na siúlóide: Slieve Gullion Forest Park - 1.7 km thiar ó dheas ón Mhaigh (Meigh).
Tagairt eangaí: J 043 191 nó N54.1159, W6.4083.
Bí ann roimh 10:15 r.n. Tosóimid ag siúl ag 10:30 r.n.
Treoraí: Deaglán
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Tóg bealach amach 20 ar an M1, agus téigh 3.7km ar bhóthar Lower Foughill Road go dtí an Mhaigh (Meigh). Cas ar chlé ag Murphy’s agus sroichfidh tú geata Slieve Gullion Forest Park ar an taobh deas tar éis 1.7km. Lean an bóthar seo ar feadh 800m go dtí an carrchlós. Tá táille £5 don gluaisteán.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide
Trealamh agus Feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat.
Neamhbhaill: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.