Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 28 Nollaig 2025 - Crón

21/12/2025

 
Tosófar an siúlóid ag 10.00 r.n.
Siúlóid Sléibhe: Crón, Slí Chualann, Dioghais agus ar ais.
Fad: 12.5km, Dreapadh: 700m, 4 - 4.5 uair an chloig ag siúl.
​
Picture
Tús na Siúlóide: - Carrchlós na Coille Cróine  (Crone Wood car park)
Tagairt eangaí : O 192 142 nó N53.1653, W6.2169
Bí ann ag 9.45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:00r.n.

Treoraí: Eileen 
Má tá síob á lorg nó tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath -  téigh ar an R117 go hÁth na Sceire. Lean an bóthar go dtí Eas Chúirt an Phaoraigh. Tá an carrchlós 2 km tar éis an easa, ar an taobh clé.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Ní mór dúinn bheith ann go luath - líontar an carrchlós le teaghlaigh agus le madraí (ar iall, ar ndóigh!)

Trealamh agus Feisteas: Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat – Trealamh agus feisteas

Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly