Fad: 16 km, Dreapadh: 600 m
Mairfidh an tsiúlóid 4 – 4.5 huaire an chloig
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Baile Dhónaill Thuaidh - Coill Bhuaile an Ultaigh. (Tagairt eangaí – O 058 118 nó N53.1460 W6.4192).
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Treoraí: Seán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath:- Téigh ar an N81 go Baile Coimín. I lár an bhaile cas fó chlé ag na soilse tráchta i dtreo Na Leacan (Lacken). Lean na comharthaí 6 km go dtí An Leacain. Sa Leacain gabh an casadh ar chlé ag an tseanscoil. Tar éis 3.5 sroichfidh tú carrchlós ag Bearna Bhuaile an Ultaigh - NÁ STOP ANSIN. Lean díreach ar aghaidh agus tiocfaidh tú ar an gcarrchlós ag tús na siúlóide tar éis 1.5 km ag bealach isteach foraoise ar an taobh deas.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html