Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 25 Eanáir 2026 - Gleann na Smól

19/1/2026

 
Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:00 r.n.

Siúlóid Sléibhe Mheánach: Gleann na Smól, An Charraig, Suíochán, An Baile Mór (Finn).
Fad: 12.5 km, Dreapadh: 650m, 4 uair an chloig ag siúl.


Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). 
Imeoimid ag 9:00 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós ag barr Thaiscumar Bhóthar na Bruíne 
Tagairt eangaí – O 105 207 nó N53.2253, W6.3465
Bí ann ag 9:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:00 r.n.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected]

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Gabh an R114 (Ascaill Ghort an Ime  - Butterfield Avenue) ó Chaisleán Ráth Fearnáin go Teach na Giúise (Firhouse) agus An Seanbhábhún (Old Bawn) agus lean díreach ar aghaidh. 550 m tar éis an Old Mill Tavern sa Seanbhábhún cas ar chlé ar Bhóthar Bhóthar na Bruíne. Lean an bóthar sin isteach sa Ghleann agus cas ar dheis tar éis 6 km. Sroichfidh tú an carrchlós ar thaobh na láimhe clé tar éis 500 m eile.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
Trealamh agus Feisteas
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill 
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly