Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 23 Feabhra 2025 - Gleann Molúra

16/2/2025

 
​Nóta: Tosóidh an tsiúlóid ag 10:30 r.n.
Siúlóid Mheánach: Gleann Molúra, Mullaigh Mhór (Mullacor), An Chuileanntrach, Carraig Linnín (Carriglinneen), Gleann Molúra.
Fad: 16 km, Dreapadh: 550 m, 5 huaire an chloig ag siúl.
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89).
Imeoimid ag 8.45 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: An t-ionad páirceála, os comhair Lóiste Ghleann Molúra (Glenmalure Lodge) - Tagairt eangaí: T 107 908 nó N52.9569 W6.3535).
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.

Treoraí:  Breandán 
Má bhíonn tuilleadh eolais nó síob go dtí tús na siúlóide uait, téigh i dteagmháil linn.

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchair - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar R755. Tar éis 23km cas ar chlé ar R755. I ndiaidh 1.4km, gabh ar dheis ar L2083. Tar éis 7.7km cas ar chlé. Tá an t-ionad páirceála ar an taobh deas, os comhair an ‘Glenmalure Lodge’ (Eircode A67 WF65).
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
 
Trealamh agus Feisteas
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly