Nóta: Tosóidh an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n.
Siúlóid Mheánach: Sléibhte Chuaille - The Lumpers, Foyle's Way, Carn an Mhadaidh, Carn Clermont, Lios an tSeagail, Teach Allais.
Fad na siúlóide - 14.5 km, Dreapadh - 550 m, 4 - 4.5 huaire an chloig ag siúl.

Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag teach tábhairne The Lumpers, Baile Mhic Eileoid (Ballymakellett), Gleann na bhFiach (Ravensdale), Co. Lú. Eircode A91 FN2W. (Tagairt eangaí - J 100 108 nó N54.0347, W6.3218).
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.
Treoraí: Seán
Nóta: Chun tuilleadh eolais nó síob a fháil go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil ag [email protected].
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath :-
Lean an M1 go dtí bealach amach 18. Ansin tiomáin 3 km ar an R173 i dtreo Chairlinne. Cas ar chlé ar an R174 tar éis Óstán Ballymascanlon i dtreo Ravensdale. Tar éis 2.5 km, ag deireadh an bhóthair sin, cas ar dheis ag an T-acomhal. Sroichfidh tú The Lumpers ar thaobh na láimhe deise tar éis 1 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
Caithfear íoc as an gcarrchlós laistiar de The Lumpers. Ach ar thaobh eile an bhóthair tá lána leathan isteach i bpáirc imeartha an CLG ar féidir páirceáil air saor in aisce. Nó, tá áit páirceála ag an reilig 800m ó The Lumpers.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas