Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 22 Feabhra 2026 - Gleann Crí

14/2/2026

0 Comments

 
Nóta - Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:00 r.n.
Siúlóid sléíbhe mheánach: Cluain (Gleann Crí), Slí Chualann Nua, Prince William's Seat, Cnoc na gCon, Sliabh Ghleann Dubh, An tSeanbhuaile.
Fad: 13.5 km,  Dreapadh: 500 m,  
4.5 huaire an chloig ag siúl
​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89) - (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9.00 r.n. go cruinn. 
Nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála in ag Cluain i nGleann Crí, ar an mbóthar idir Áth na Sceire agus Ionad Athmhuintearais Ghleann Crí (Glencree Reconciliation Centre).
​Tagairt eangaí  O 174 170 nó  N53.1904, W6.2439)

Bí ann ag 9:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:00 r.n.
Treoraí: Seán 
​

Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected], lá roimh ré.

Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Téigh go dtí Áth na Sceire. In Áth na Sceire gabh an L1011 i dtreo Ghleann Crí. Sroichfidh tú carrchlós Chluana (Cloon Wood and Oak Glen Car Park) ar an taobh clé tar éis 9 km (1 km tar éis charrchlós Bhaile Mhic Thorcail)
Nó lean an  nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas

Neamhbhaill
Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. 

0 Comments



Leave a Reply.

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly