Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 15 Meitheamh 2025 - Gleann Molúra

14/6/2025

 
NB: Tosófar an tsiúlóid seo ag 10:30 r.n
Siúlóid Mheánach: Gleann Molúra - Áth an Bharra Mhóir, Fraughan Rock Glen, Caimín na mBulóg, Conair an Tábla
4.5 huaire an chloig ag siúl. Fad na siúlóide - 14 km Dreapadh  - 750 m

​
Picture
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). 
Imeoimid ag 8:45 r.n. go cruinn
. 
Nó
Tús na siúlóide:  Ionad páirceála ag Áth an Bharra Mhóir (Baravore Ford) i nGleann Molúra. (tagairt eangaí - T 066 941 nó N52.9880, W6.4131).

Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.
​

Treoraí: Máire 
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn ag [email protected].

Nóta Tábhachtach: Beidh féile ceoil "Beyond the Pale" ar siúl in Eastát Ghleann dá Loch in aice an tSeandroichid an deireadh seachtaine ar fad. Mar sin, tá gach seans go mbeidh an-chuid tráchta ar an mbóthar ó Chill Mocheanóg go dtí an Láithreach. B'fhiú triail a bhaint as an mbealach thíos chun dul go dtí tús na siúlóide
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath :-  Téigh ar an M11 go Ráth Naoi (Rathnew) - bealach amach 16. Lean an R752 go Gleann Fhaidhle (Glenealy) agus Ráth Droma. I Ráth Droma gabh an bóthar go dtí an Grianán (Greenane) agus Gleann Molúra. Ag Lóiste Ghleann Molúra lean díreach ar aghaidh agus tiomáin 4 km ar an mbealach sin go dtí go sroichfidh tú an t-ionad páirceála ag deireadh an bhóthair ag Áth an Bharra Mhóir (Baravore Ford).  
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly