Siúlóid sléíbhe mheánach: Carrchlós Poiblí sa Láithreach, Gleann Dá Loch, Slí Chualann Nua, An Láithreach.
Fad: 11 km, Dreapadh: 280 m, 4.0 uair an chloig ag siúl.

Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair Oifigí BSL - Clifton Hall (Eircode D02 XP89)
Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: An carrchlós sa Láithreach in aice Woolen Mills
Tagairt eangaí O 142 961 nó N53.0024, W6.3000.
Bí ann ag 10:45 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Rinneadh naomh de Lorcán Ua Tuathail an 11 Nollaig 1225, díreach ocht gcéad bliain ó shin. Chun é sin a chomóradh siúlfaimid tríd an Mainistir i nGleann Dá Loch. Tabharfaimid cuairt ar iarsmaí Mhainistir an tSlánaitheora, ar an Ardeaglais agus ar Theampall Rífhearta.
Treoraí: Breandán
Nóta: Má tá tuilleadh eolais nó síob uait téigh i dteagmháil linn ag [email protected]
Treoracha go dtí tús na siúlóide:
Lean an N11 go dtí Cill Mocheanóg. Gabh bealach amach 8 (i dtreo R755 agus An Tóchar - Roundwood). Ag an timpeallán, gabh an ceathrú bealach amach ar an R755 agus i ndiaidh 350m cas ar chlé ar an R755. Tar éis 23km cas ar chlé ar R755 sa Láithreach. I ndiaidh 700m, gabh ar dheis chuig an gcarrchlós.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas
Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall de Na Cnocadóirí beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála.