Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 huaire an chloig ag siúl.
Fad - 13 km, Dreapadh - 800 m
Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). Imeoimid ag 8:45 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
Nó
Tús na siúlóide: Ionad páirceála ag Áth an Bharra Mhóir (Baravore Ford) i nGleann Molúra. (tagairt eangaí - T 066 941 nó N52.9880, W6.4131).
Bí ann ag 10:15 r.n. le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 10:30 r.n.
Treoraí: Máire
Nóta: Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn síob uait go dtí tús na siúlóide téigh i dteagmháil linn.
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath :- Téigh ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. 1.5 km tar éis an Láithrigh cas ar dheis ar an mBóthar Míleata i dtreo Ghleann Molúra. I nGleann Molúra (ag an óstán) cas ar dheis arís agus tiomáin 4 km ar an mbealach sin go dtí go sroichfidh tú an t-ionad páirceála ag deireadh an bhóthair ag Áth an Bharra Mhóir – Baravore Ford.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps go dtí tús na siúlóide.
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html