Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraíocht
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid Sléibhe, Dé Domhnaigh, 10 Aibreán 2016

4/4/2016

 
​​Siúlóid: Gleann dá Loch, Sliabh Cham an Doire, An Bhrocach
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4.5 - 5 huaire an chloig ag siúl.
    Fad na siúlóide - 14 km
    Dreapadh  - 800 m
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide:   Carrchlós ag An Loch Uachtair i nGleann Dá Loch (tagairt eangaí : T 111 965 nó N53.0074 W6.3449).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 5:00 agus 5:30 i.n
 
Treoraí: Seán Ó Fearghail
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linnionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath-  Téigh ar an N11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 go dtí An Láithreach, agus an R756 go Gleann Dá Loch. Buailfimid lena chéile sa charrchlós ag An Loch Uachtair (an dara carrchlós).
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 

 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
 

Comments are closed.

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.


    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. 

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag gcoiste deonach. 
Ar ais go barr an leathnaigh
 Abhaile
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly
✕