Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Sléibhe - Dé Domhnaigh, 1 Nollaig 2024, Coire Breac

24/11/2024

 
Picture
Siúlóid Sléibhe Mheánach: Cnoc na Buaile, Coire Breac, An Leamhaigh Bhán, Bearna an Chaomhánaigh (Knocknaboley, Corriebracks, Lobawn, Cavanagh's Gap).
Fad: 12.5 km, Dreapadh: 550m. 4.5 huaire an chloig.

Áit chruinnithe: Sráid Mhic Liam Íochtarach os comhair iar-oifigí BSL – Clifton Hall (Eircode D02 XP89). (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
Imeoimid ag 9:30 r.n. go cruinn.
Nó
Tús na siúlóide: Carrchlós  ag Cnoc na Buaile i nGleann Abhainn an Rí (Tagairt eangaí – N 977 011 nó 53.0520, W6.5443).
Bí ann ag 10:45 le bheith réidh chun tosú ag siúl ag 11:00 r.n.
Lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

Treoraí: Seán 
Nóta: Má tá tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil linn

Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ó Bhaile Átha Cliath – Gabh an N81 trí Bhaile Coimín (Blessington) agus ar aghaidh. Cas ar chlé ag Cillín Chaoimhín (Hollywood) agus lean an R756. Cas ar dheis ar bhóthar beag L8349 (ag N 970 036 nó N53.07457, W6.55378,  1km roimh an droichead). Sroichfidh tú an carrchlós tar éis 3 km ar an taobh deas i lár na coille.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. Trealamh agus feisteas


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly