Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid, Scor, Loch Deán, Dé Domhnaigh, 23 Deireadh Fómhair 2016

17/10/2016

 
Picture
Siúlóid: Gleann Log an Easa, Scor, Loch Deán,
 
Cur síos: Siúlóid mheánach, 4 huaire an chloig ag siúl.
Fad:  13 km
Dreapadh: 600 m 
 
Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn. (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
nó
Tús na siúlóide:   Carrchlós Ghleann Log an Easa (tagairt eangaí - O 113 030, nó N53.0666. W6.3397).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 4:00 agus 4:30 i.n.

Treoraí : Seán Ó Fearghail
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeidh Seán ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Tá an carrchlós gar do Eas Ghleann Log an Easa (Glenmacnass Waterfall), ar an mBóthar Míleata (R115) idir an Láithreach agus Baile Átha Cliath.
Ag dul ar an M11 ó Bhaile Átha Cliath, imigh den M11 ag Cill Mocheanóg agus téigh ar an R755 go dtí an Tóchar agus an Láithreach. Cas ar dheis sa Láithreach (ag tús an tsráidbhaile) ar an R115. Tá an carrchlós thart ar 7.5 km ón Láithreach, i ndiaidh an easa, ar thaobh na láimhe clé.
Nó lean an NASC seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
  
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
Seán Ó Fearghail
21/10/2016 12:38:35 pm

Is cosúil go mbeidh aimsir mhaith againn, féach air seo:
http://www.yr.no/place/Ireland/Leinster/Laragh~2963028/hour_by_hour.html


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly