Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil

Siúlóid Samhraidh, Déardaoin, 8 Lúnasa 2024 - Ollscoil Mhaigh Nuad agus agus Eastát Carton

24/7/2024

 
Picture
Leabharlann an Ruiséalaigh in Ollscoil Mhaigh Nuad agus Teach Carton

Beidh 2 imeacht againn an lá seo

1    Turas ar Leabharlann an Ruiséalaigh in Ollscoil Mhaigh Nuad
​

Teacht le chéile: 3:45 i.n. ag príomh-gheata an tSeancholáiste ag barr phríomhshráid Mhaigh Nuad ( 53.380409, -6.594607 in Google Maps)

Tosóidh an turas ag 4:00 i.n. 
Beidh sé saor in aisce.
​
Tá Leabharlann an Ruiséalaigh suite i Halla Pugin i Seancholáiste na hOllscoile - an seanchampas. 

Tá an-chuid iarsmaí sa leabharlann, ina measc tá:
-   65 Thaibléid chré a bhfuil scríbhneoireacht  dhingchruthach orthu (Cuneiform Tablets) ón tSuimeir (3500 - 1900 R.Ch.),
-   Incunabula (cliabháin) - leabhair chlóbhuailte roimh 1500,
-   Cartlann ó Choláiste na nGael in Salamanca,
-  Cóip iomlán den chéad eagrán léarscáileanna 6 orlach ón Suirbhéireacht Ordanáis.

I ndiaidh an turais beidh deis againn greim bia a fháil i Maigh Nuad, roimh dhul ar an tsiúlóid.

2     Siúlóid Samhraidh i Maigh Nuad
Teacht le chéile: 6:30 i.n. ag an stáisiún traenach i Maigh Nuad.

Siúlóid:  
Síos an Chanáil Ríoga, isteach in Eastát Carton, cosán tríd an gcúrsa gailf agus ar ais go baile Mhaigh Nuad. 
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair an chloig.
Beidh deoch againn sa teach tábhairne The Roost i Maigh Nuad gar don stáisiún traenach, tar éis na siúlóide.


Treoraí: Brian

​
Beidh Fáilte roimh chách.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly