Teacht le chéile: 6:30 i.n. sa charrchlós trasna an bhóthair ó Maxol/MacDonald’s, 700m ó shráidbhaile Leamhcáin agus tú ag dul i dtreo Léim an Bhradáin.
Siúlóid: Siúlfaimid timpeall Diméin Leamhcáin agus Páirc Naomh Caitríona.
Mairfidh an tsiúlóid 2 uair an chloig.
Busanna ón gcathair:
Sráid na Teamhrach (Stad 7732) nó Cé Aston (Stad 7392): - C3 nó C4, nó L54 ó stad LUAS na Bó Deirge go stad 3887, (an stad díreach tar éis Ball Alley House) nó stad 3888.
Ag tiomáint ón gcathair: Tóg an N4 go dtí bealach amach 3 agus ansin cas ar dheis trí shráidbhaile Leamhcáin i dtreo Léim an Bhradáin, nó ag bealach amach 4A, cas ar chlé agus ansin ar dheis agus ar dheis arís ag an timpeallán.
Treoraí: Deaglán
Seo NASC ar Google Maps go dtí tús na siúlóide ag N53.3556, W6.4610
Beidh Fáilte roimh chách.
An teach tábhairne The Ball Alley i Leamhcán tar éis na siúlóide.