Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Samhraidh - Déardaoin, 29 Bealtaine 2025 - Baile Amhlaoibh

27/5/2025

 
An Déardaoin seo beidh siúlóid staire againn
 Ó Stad Luas Bhaile Amhlaoibh, beimid ag siúl:
trí phríomhshráid inspéise Dhún Droma,
go Reilig Naithí,
trí Bhaile an Teampaill
go Baile an Mhuilinn.  
​

Picture
Sa cheantar seo a bhí Cuala Press lonnaithe a bhí faoi stiúir na nDriofúireacha Yeats agus beidh radharc againn ar an áit oibre a bhí acu.  
Beidh trácht ar Naomh Naithí agus tabharfar cuairt ar reilig ina bhfuil séipéal tiomnaithe dó.
Beidh trácht ar thochailt seandálaíochta le linn an chéid seo a thug breis eolais dúinn ar ré Naithí. 
Beidh trácht 
gearr ar Stephen Roche agus George Johnstone Stoney, a mhair anseo agus a dhéan éachtaí. 

 
Mairfidh an tsiúlóid timpeall dhá uair a' chloig.
 
Beidh deoch againn in The Dropping Well i mBaile an Mhuilinn, atá gar do Stad Luas Bhaile an Mhuilinn, tar éis na siúlóide.
 
Teacht le chéile - Stáisiún Luas Bhaile Amhlaoibh (Balally) ag 6.30 i.n.
 
Treoraí - Fionn

Beidh fáilte roimh chách.
 
Siúil Linn an Samhradh Seo


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly