Teacht le chéile: 6:30 i.n. ag an droichead thar an Life i sráidbhaile Séipéal Iosóid (Chapelizod).
Siúlóid: Séipéal Iosóid, Bruach na Life, An Pháirc Chuimhneacháin Náisiúnta, Droichead na hInse, Páirc an Fhionnuisce agus ar ais go Séipéal Iosóid.
Treoraí: Christy
Seo NASC ar Google Maps go dtí tús na siúlóide ag N53.3479, W6.3456
Bus 26 (Cearnóg Mhuirfean go Gleann na Life) go stad 2197.
Mairfidh an tsiúlóid timpeall 2 uair an chloig agus beidh deoch againn sa teach tábhairne The Villager i Séipéal Iosóid ina diaidh.
Beidh Fáilte roimh chách.