Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid, Na Beanna Boirche, Dé Domhnaigh, 25 Meán Fómhair 2016

20/9/2016

 
Picture
​Siúlóid: Na Beanna Boirche (Mourne Mountains)  - *Sliabh na Circe, *Sliabh an Choiligh agus *Sliabh an Cholúir
Cur síos: Siúlóid mheánach, 5 huaire an chloig ag siúl.
Fad 12 km
Dreapadh 720 m


Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 9.30 r.n. go cruinn. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide:  Carrchlós ag 7 Bóthar Sandbank. (Tagairt eangaí - J 233 277, nó 54.1837N  6.1120W ). Tosóimid ag siúl ag 11:30 r.n.


NB     9:30r.n.  ag Oifigí BSL

Treoraí:     Eibhlín 
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeimid ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Téigh ar an M1 go dtí an tIúr (Iúr Chinn Trá) agus ansin ar an A2 go Ros Treabhair (lean an Mourne Coastal Route). Téigh díreach trí Ros Treabhair i dtreo Bhaile Hill (Hilltown). Tar éis an tséipéil i Ros Treabhair cas ar dheis (seo an dara casadh ar dheis) ar Bhóthar Newtown  (tá comhartha go Spelga Dam/Santa's Cottage ar an gclé ag an gcasadh seo). Sroichfidh tú Carrchlós Bhóthar Sandbank ar an taobh clé tar éis 11 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide
 


MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Bláithín
21/9/2016 11:17:18 pm

Go raibh siúlóid álainn agaibh!

Seán
24/9/2016 01:39:03 pm

Má bhíonn tú ag teacht amach ag siúl linn amárach, ná déan dearmad go mbeimid ag imeacht ó Cheanncheathrú BSL (ESB HQ) ag 9:30am.
Beidh aimsir mhaith againn - féach air seo : http://www.yr.no/place/United_Kingdom/Northern_Ireland/Newry/hour_by_hour.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly