Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid Measartha Éasca,   Dé Domhnaigh,    29 Bealtaine

27/5/2016

 
Picture
​Siúlóid:   An Gleann Mór (The Devil’s Glen), Siúlóid Séamus Heaney
 
Cur síos:  Siúlóid measartha éasca ar chosáin agus ar bhóithre coille
 
Tá seans go mbeidh sé fliuch in áiteanna ach ní bheidh aon ghá le buataisí sléibhteoireachta – oirfidh bróga reatha .  

 
 Fad na siúlóide    10 km     Dreapadh   400m

Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. .. go cruinn   (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html)
     nó
  Bealach isteach Choill an Ghleanna Mhóir
 (T 237 973 nó N53.0126, W6.1588), 3.8 km thiar ó Áth na Fuinseoige (Ashford).


 Tosóimid ag siúl ag    11:45 r.n.


 Críochnóimid idir 3:30 agus 4:00 i.n.

 Treoraí:      Seán Ó Fearghail 
 

 Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Seán roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath: Tóg bealach amach 15 ar an M11, agus téigh 2km ar an an R772 go hÁth na Fuinseoige. Ag an timpeallán i lár an tsráidbhaile cas ar dheis ar an R764. Tar éis 350m cas ar chlé ar an R763. Ansin sroichfidh tús na siúlóide tar 3.5 km ar an taobh deas.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.

 --------------------------------------------------------------------------------

 MEABHRÚCHÁN
 Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear  comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre
 a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála  ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn
 comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.  Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na  siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin  ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas  a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!  Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

 TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
 Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html
 --------------------------------------------------------------------------------

Seán
28/5/2016 04:53:35 pm

Is cosúil go mbeidh aimsir iontach againn - dar leis an suíomh seo ar aon nós!
http://www.yr.no/place/Ireland/Leinster/Wicklow/hour_by_hour.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​

    Nóta: Mura bhfuil tú i do bhall beidh cead agat teacht linn ar dhá shiúlóid sléibhe in aon bhliain amháin, ach is éigean duit ríomhphost a mbeidh d'ainm agus d'uimhir ghutháin ann a chur chugainn roimh shiúlóid, mar aon le hainm agus le huimhir ghutháin duine eile (m.sh. neasghaol) lenar féidir linn dul i dteagmháil i gcás éigeandála. ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly