Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Naisc
      • Cartlann
  • Ballraíocht
  • Siúlóidí & Imeachtaí
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2008
  • Teagmháil linn

Siúlóid Measartha Éasca,   Dé Domhnaigh,    24 Iúil 2016

20/7/2016

 
Picture
Nóta: Ní bheidh siúlóid againn Dé Domhnaigh, 31 Iúil (an deireadh seachtaine fada), agus dá bharr sin beidh ceann measartha éasca againn an 24 Iúil.
 
Siúlóid: Geataí Guinness, Cnoc Bhaile na Fuinseoige, Loch Deán.
 
Cur síos: Siúlóid éasca/mheánach,
​3 huaire an chloig ag siúl.

Fad: 9 km   Dreapadh: 300m

Áit chruinnithe:     Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.  (http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )
nó
Tús na siúlóide:      Ionad páirceála ag Geataí Guinness, ar an mbóthar ón Tóchar go dtí Bearna Bhealach Sailearnáin (tagairt eangaí - O 172 064 nó N53.0957, W6.2510).
Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.
Críochnóimid idir 3:00 agus 3:30 i.n.
 
Treoraí : Seán Ó Fearghail
Uimhir Theagmhála: 087 221 7800
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, cuir téacs chuig Seán roimh ré ionas go mbeidh sé ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide:  Ó Bhaile Átha Cliath - tiomáin ar an M11 go Cill Mocheanóg, ansin an R755 i dtreo an Tóchair. 3km roimh an Tóchar (ag cúinne Kennedy’s) cas ar dheis ar an R759, i dtreo Bhearna Bhealach Sailearnáin (tá comhartha bóthair ag an ngabhal). Lean an R759 ar feadh 4 km agus beidh an carrchlós ar thaobh na láimhe deise.
Nó lean an nasc seo ar Google Maps.
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun an líon carranna ar na bóithre a laghdú agus chun an líon carranna a laghdú a fhágtar ag tús na siúlóide - go minic in áit nach bhfuil mórán spáis páirceála.
 
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig na siúlóidí agus ar ais chuig lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.
 
TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

Seán Ó Fearghail
23/7/2016 04:07:58 pm

Beidh an aimsir go maith - gan a bheith róthe, róghaofar, róscamallach, rófhliuch etc
http://www.yr.no/place/Ireland/Leinster/Roundwood/hour_by_hour.html


Comments are closed.

    Do Bhallraíocht

    Na déan dearmad do  bhallraíocht bhliantúil a athnuachan.


    Eolas fúinn

    Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí rialta i sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn  agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua i gcónaí. Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. 

    Rannóga

    All
    Gnáthshiúlóidí
    Grianghraif
    Grianghraif 2008
    Grianghraif 2009
    Grianghraif 2010
    Grianghraif 2011
    Grianghraif 2012
    Grianghraif 2013
    Grianghraif 2014
    Grianghraif 2015
    Grianghraif 2016
    Grianghraif 2017
    Imeachtaí Sóisialta/cultúrtha
    Siúlóidí Um Thráthnóna
    Turas/Deireadh Seachtaine

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag gcoiste deonach. 
Ar ais go barr an leathnaigh
 Abhaile
cnocadoiri@yahoo.com
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly
✕