Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Eolas
    • Amhrán
    • Bunreacht
    • Eile >
      • Foclóirín
      • Cartlann
  • Ballraiocht
  • Imeachtaí & Féilire
    • Turas Siúil sa Spáinn 2025
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
    • Treoracha
    • Trealamh agus feisteas
  • Teagmháil linn
  • Grianghraif
    • Grianghraif 2019
    • Grianghraif 2018
    • Grianghraif 2016
    • Grianghraif 2017
    • Grianghraif 2015
    • Grianghraif 2014
    • Grianghraif 2013
    • Grianghraif 2012
    • Grianghraif 2010
    • Grianghraif 2009
    • Grianghraif 2011
    • Grianghraif 2008

Siúlóid, Log na Coille, Dé Domhnaigh, 9 Deireadh Fómhair 2016

3/10/2016

 
Picture
Siúlóid: Gleann Ó Máil, Log na Coille, Sliabh Meáin, Sliabh Bhuaile an Fheadáin.

Cur síos: Siúlóid mheánach, 5 huaire an chloig ag siúl.
Fad: 15 km
Dreapadh: 820 m


Áit chruinnithe: Oifigí BSL, Sráid Mhic Liam. ( http://www.cnocadoiri.com/treoracha.html )

Imeoimid ag 10.30 r.n. go cruinn.
nó
Tús na siúlóide:  An carrchlós ag teach tábhairne Fenton's, An Seascann, Gleann Ó Máil. (tagairt eangaí : S 973 935 ar léarscáil, nó N52.984, W6.552 ). Tosóimid ag siúl ag 11:45 r.n.

 
Treoraí:     Seán
Nóta: Má tá sé ar intinn agat teacht amach linn, téigh i dteagmháil linn roimh ré ionas go mbeidh Sean ábalta síobanna ó lár na cathrach a chomhordú.
 
Treoracha go dtí tús na siúlóide: Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath – Téigh ar an N81 go dtí Baile Coimín. Lean ar aghaidh ar an N81 agus 15 km tar éis Bhaile Coimín cas ar chlé ag an teach tábhairne The Toll House. Téigh trí Dhún Ard go dtí an Mountain Ventures Hostel i mBaile an tSléibhe (Ballinclea). Cas ar dheis díreach tar éis an bhrú, agus ansin ar chlé i gCnoc an Aragain. Tiocfaidh tú ar Fenton's tar éis 2 km.
Nó lean an nasc seo ar GoogleMaps go dtí tús na siúlóide.
 
MEABHRÚCHÁN
Mar atá molta ag Sléibhteoireacht Éireann, eagraítear comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna ar na bóithre a laghdú. Is minic nach mbíonn mórán spáis páirceála ag an áit a dtosaíonn na siúlóidí - cabhraíonn comh-úsáid carranna chun líon na gcarranna a fhágtar ag tús na siúlóidí a laghdú.
Tugann tiománaithe síob do dhaoine chuig tús na siúlóidí agus ar ais go lár na cathrach. Dá bhrí sin ní mór €5 a thabhairt don tiománaí lena c(h)uid costas a ghlanadh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine! Gabhaimid buíochas leo siúd a thugann síob go rialta.

TREALAMH AGUS FEISTEAS RIACHTANACH

Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat. http://www.cnocadoiri.com/trealamh-agus-feisteas.html

 
Seán Ó Fearghail
8/10/2016 04:55:01 pm

Is cosúil go mbeidh aimsir measartha maith againn ar an tsiúlóid - tirim, gan mórán gaoithe, scamallach ag tús na siúlóide ach tiocfaidh an ghrian amach i lár an tráthnóna.
Féach air seo : http://www.yr.no/place/Ireland/Leinster/Blessington/hour_by_hour_detailed.html


Comments are closed.

    Eolas fúinn

    Club siúl sléibhe trí Ghaeilge.
    Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin
    Siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh.
    Turais in Éirinn agus thar.
    Imeachtaí sóisialta agus cultúrtha.
    Fáilte mhór roimh dhaoine nua.
    ​Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn. ​
    ​

    Aimsigh ar an suíomh

© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly