Na Cnocadóirí
  • Baile
    • Bunreacht
  • Eolas
    • Trealamh agus feisteas
    • Treoracha
    • Foclóirín
    • Cartlann
    • Amhrán
    • Grianghraif >
      • Grianghraif 2020
      • Grianghraif 2019
      • Grianghraif 2018
      • Grianghraif 2016
      • Grianghraif 2017
      • Grianghraif 2015
      • Grianghraif 2014
      • Grianghraif 2013
      • Grianghraif 2012
      • Grianghraif 2010
      • Grianghraif 2009
      • Grianghraif 2011
      • Grianghraif 2008
  • Ballraiocht
  • Féilire
    • Gnáthshiúlóidí
    • Siúlóidí um thráthnóna
    • Turais/Deireadh Seachtaine
    • Imeachtaí Sóisialta/Cultúrtha
  • Teagmháil

Siúlóid Éasca na Nollag - Dé Sathairn, 20 Nollaig 2025, Binn Éadair

14/12/2025

 
Chun an Nollaig (agus Grianstad an Gheimhridh) a cheiliúradh
Siúlóid i mBinn Éadair – ar an gcósta agus ar an gcnoc.
​

Picture
Teacht le chéile: 11:00 r.n. ag Stáisiún Dart Bhinn Éadair.
Stopfaimid ar an trá agus beidh picnic bheag againn - agus pióga mionra agus pórtfhíon te ar an mbiachlár.


Mairfidh an tsiúlóid 3.5 uair an chloig agus beimid ar ais sa sráidbhaile ~2:30 - 3:00 i.n.
Tar éis na siúlóide beidh deis againn greim bia a fháil, agus sólaistí eile - b'fhéidir sa Doghouse in aice an stáisiúin traenach, ach tá neart áiteanna eile sa sráidbhaile.
 
Treoraí: Eileen 
Nóta: Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil linn ag [email protected]

 

TREALAMH AGUS FEISTEAS
Bí cinnte go bhfuil gach rud ar an liosta seo agat: 
Hata Nollag, geansaí Nollag, soilse gealánacha ar do mhála droma, beanna saorga fia, féasóg bhán, pióga mionra féiltiúla.
Culaith snámha chun dul a shnámh leis na deilfeanna!


Chun an fhírinne a rá, NÍL an trealamh sin riachtanach, ach ná déan dearmad do chóta báistí a thabhairt leat, agus bróga oiriúnacha don chosán a bheidh fliuch agus lábach in áiteanna.


Comments are closed.
© Na Cnocadóirí
Club siúl sléibhe á riaradh ag coiste deonach. 
[email protected]
Teagmháil linn
Proudly powered by Weebly